Íomhá den Domhan is ea an Mirlín Gorm (Blue Marble as Béarla) a tógadh ar an 7 Nollaig 1972, thart ar 29,000 ciliméadar (18,000 míle) ó dhromchla an phláinéid.[1][2][3] An criú ar spásárthach Apollo 17 a ghlac an ghrianghraf ar a bhealach go dtí an Ghealach. Tá sé ar cheann de na híomhánna is mó a ndearnadh atáirgeadh air sa stair.[4][5]

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneAn Mirlín Gorm

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgrianghraf
Cuid deApollo 17
CruthaitheoirHarrison Schmitt;
Ronald Evans;
Eugene Cernan Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh7 Nollaig 1972
Seánraastrophotography (en) Aistrigh
Bunaithe arAS17-148-22727

Léirítear an Domhan ón Meánmhuir go dtí an Antartaice. Ba é seo an chéad uair a d'éirigh le misean Apollo grianghraf a ghlacadh d'oighearchaidhp an Phoil Theas, in ainneoin go raibh brat scamall ar an leathsféar theas. Chomh maith le Leithinis na hAraibe agus Madagascar, tá cósta iomlán na hAfraice agus an chuid is mó den Aigéan Indiach le feiceáil go soiléir.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Apollo 17 PAO Mission Commentary Transcript”. NASA (2001). Dáta rochtana: May 11, 2017. “SC: 'You're loud and clear, Bob, and could you give us our distance from the Earth?' ... CAPCOM: '18 100, Fido says.'”
  2. Visible Earth: The Blue Marble from Apollo 17”. NASA (January 31, 2001). Dáta rochtana: December 10, 2017.
  3. Apollo 17 30th Anniversary: Antarctica Zoom-out”. NASA (November 21, 2002). Dáta rochtana: May 11, 2017.
  4. Petsko (April 28, 2011). "The blue marble". Genome Biology 12 (4): 112. doi:10.1186/gb-2011-12-4-112. PMID 21554751. 
  5. Apollo 17: The Blue Marble”. Ehartwell.com (April 25, 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 9, 2008. Dáta rochtana: January 18, 2008.