An Rábaire Bán
úrscéal Gaeilge le Nioclás Tóibín
Úrscéal Gaeilge le Nioclás Tóibín is ea An Rábaire Bán. Foilsiódh é le Muinntir C.S. Ó Fallamhain an chéad uair sa bhliain 1928.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Nioclás Tóibín |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 1928 |
Seánra | úrscéal |
Cúlra
cuir in eagarScríobh Tóibin an méid seo sa réamhrá, faoi bhunús an úrscéil: “I mí Iúil, bliain ár dTighearna, a 1925, bhí roinnt mhaith de mhúinteoirí Gaedhilge na tíre ar chúrsa i gColáiste na Rinne [An Rinn, Contae Phort Láirge]. I ndeire an chúrsa agus mé chum dul isteach á múineadh tháinig duine aca chugham: “A Niocláis,” ar sé, “an dteasbáinfeá dúinn conus scéal a leagaint amach le scríobh.”
Rinne sé amhlaidh, agus thug sé ceacht scríobhnóireachta dóibh, bunaithe ar scéal a cheap sé (“Inghean an Fhaoit’ ón nGleann” a thugtaí air). Ina dhiaidh sin, bhí rún daingean aige “fuil agus feoil” á chur ar “cnámha” an scéil.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |