An Ríshliocht Sasánach
Bhí an ríshliocht Sasánach ag rialú na hIaráine sna blianta 224-651 i ndiaidh bhreith Chríost. Tháinig na Sasánaigh i ndiaidh na nArsaicídeach, nó na bPairtiach, nuair a bhris Ardaisír a hAon (nó Artaxerxes, mar a thug na Gréagaigh is na Rómhánaigh air) an cath ar Artabanus IV, rí deireanach na bPairtiach.
Tháinig deireadh leis an ríshliocht Sasánach sa bhliain 651, nuair a fuair trúpaí na Cailifeachta Arabaí an lámh ab fhearr ar Yazdegerd III.
Tagairtí
cuir in eagarTá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: An Ríshliocht Sasánach.
Is síol faoin Iaráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |