An Táidsícis
Teanga Iaránach is ea an Táidsícis a labhraítear sa Táidsíceastáin. Tá sí an-chosúil leis an bPeirsis, agus is féidir a rá gur canúint de chuid na Peirsise atá ann, go bunúsach. An teanga liteartha a shaothraítear sa Táidsíceastáin, áfach, tá sí bunaithe ar an gcineál Táidsícise is mó a bhí faoi thionchar na hÚisbéicise, agus dealraíonn sé go raibh cúiseanna polaitiúla leis an bpolasaí seo - is é sin, go ndearna na húdaráis Shóivéadacha iarracht d'aon ogham na Táidsícigh a choinneáil scartha ón Iaráin. Ar chúiseanna den chineál chéanna, chuir siad an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an Táidsícis.
Táidsícis (тоҷикӣ, تاجیکی, tojikī) | |
---|---|
Á labhairt | An Táidsíceastáin, an Chasacstáin, an Afganastáin, an Chirgeastáin, an Rúis, an Tuircméanastáin, an Úcráin, an Úisbéacastáin |
Réigiún | An Áise |
Cainteoirí san Iomlán | 4.4 milliún |
Rang | (Ní sa chéad 100) |
Líne ghinealaigh | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil | An Táidsíceastáin |
Foras Pleanála Teanga | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | tg |
ISO 639-2 | tgk |
ISO 639-3 | tgk |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |