An Túvais
Teanga Tuircice is ea an Túvais. Tá an teanga á labhairt i dTúva na Rúise, taobh thuaidh den Mhongóil. Thairis sin, tá canúintí Túvaise á labhairt ag dreamanna beaga sa Mhongóil agus sa tSín. Tá sí ó dhúchas ag 200,000 duine, a bheag nó a mhór, agus í ina teanga oifigiúil i dTúva chomh maith leis an Rúisis. Níl sí ina teanga scríofa ach ón mbliain 1930, nó roimhe sin, ba nós le muintir Thúva a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Mongóilise.
Túvais (тыва дыл tyva dyl ) | |
---|---|
Á labhairt: | An Rúis, An Mhongóil, An tSín |
Réigiún: | Túva |
Cainteoirí san Iomlán: | 200,000 |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Teangacha Altaecha |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Túva |
Foras Pleanála Teanga: | Níl údarás teanga ann |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ~ |
ISO 639-2 | tyv |
ISO 639-3 | tyv |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Murab ionann agus na teangacha Tuircice eile, ní bhfuair an Túvais mórán focal ar iasacht ón Araibis ná ón bPeirsis. Ní raibh na Túvaigh riamh ina Muslamaigh, nó is iad an Búdachas agus an Seamanachas reiligiúin thraidisiúnta na dTúvach. Fuair siad an Búdachas ón Tibéid tríd an Mongóil, agus mar sin, bhí an Mhongóilis an-tábhachtach mar fhoinse focal iasachta. Le déanaí, is iomaí téarma Rúisise a chuaigh in úsáid sa Túvais, go háirithe sa téarmaíocht nua-aimseartha.