An tSeachtain Airgid Domhanda

Is feachtas feasachta airgeadais í an tSeachtain Airgid Domhanda in Éirinn a chomhordaíonn an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC)[1] go bliantúil (i lár an Mhárta).[2] Tá sé mar aidhm ag an Choimisiún oideachas ar airgeadas a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga.[3][4][5]

Feachtas cuir in eagar

Foghlaimíonn daoine óga faoi gach rud ó choigilteas agus cánacha go criptea-airgeadra agus camscéimeanna, trí phodchraoltaí, seimineáir ghréasáin, tráth na gceist, ceardlanna agus cuairteanna scoile ón aon eagraíocht déag rannpháirteacha.”[2]

2024 cuir in eagar

Sheol an CCPC tuarascáil ar nósanna airgid déagóirí in Éirinn in 2024.[6] Rinneadh suirbhé ar 1,850 dalta meánscoile in Éirinn, idir 15 agus 17 mbliana d’aois go príomha, ar an tsiopadóireacht ar líne, airgead a shábháil, agus áiseanna úsáideacha chun foghlaim faoin airgead. Seoladh an tuarascáil ar an suirbhé seo, Dearcadh agus Iompraíocht Airgid Daoine Óga a bhfuil Cónaí orthu in Éirinn, i gColáiste Éamann Rís i gCathair Chorcaí mar imeacht deiridh Seachtain Airgid Domhanda in Éirinn.[2]

I measc na dtorthaí sa tuarascáil:

  • Déanann 4 as 5 siopadóireacht ar líne
  • Creideann 96% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil sé tábhachtach airgead a phlé
  • Ní shábhálann 1 as 10 airgead riamh
  • Foghlaimíonn 1 as 3 dalta faoi airgeadas ó na meáin shóisialta. Is é TikTok an líonra sóisialta is mó i measc an aoisghrúpa seo.

Léiríonn an taighde seo nach don saol sóisialta amháin iad na líonraí sóisialta feasta. Is léir go bhfuil na líonraí sóisialta, TikTok go háirithe, ag cothú suime i ndaoine óga a bheith ag foghlaim lasmuigh den seomra ranga.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Béarla: Competition and Consumer Protection Commission
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 NÓS (2024-04-12). "TikTok ar na háiseanna foghlama airgeadais is mó i measc daoine óga" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-04-13.
  3. "Global Money Week" i mBéarla
  4. "What is Global Money Week" (en-GB). CCPC Consumers. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  5. globalmoneyweek.org. "Campaign". Dáta rochtana: 2024-04-12.
  6. Kevin Loughran (2024-03-22). "Saving money, shopping online, and learning from TikTok: new survey details the financial behaviours of Ireland’s teenagers" (en-GB). CCPC Business. Dáta rochtana: 2024-04-12.