Fisiceoir agus matamaiticeoir Francach ab ea André-Marie Ampère (20 Eanáir, 177510 Bealtaine, 1836).

André-Marie Ampère
Ampere Andre 1825.jpg
ollamh

Saol
Eolas breithe Lyon, Eanáir 20, 1775
Náisiúntacht An Fhrainc
Grúpa eitneach Francaigh
Bás Marseille, Meitheamh 10, 1836
Áit adhlactha Montmartre Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Máthair Jeanne Antoinette de Sarcey
Céile/Céilí Julie Carron (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma mater École polytechnique (en) Aistrigh
Mic léinn dochtúireachta Jean-Daniel Colladon
Teangacha An tSean-Ghréigis
An Laidin
An Fhraincis
Mic léinn Jean Baptiste Firmin Demonferrand (en) Aistrigh
Gairm
Gairm fisiceoir, matamaiticeoir, innealtóir, fealsamh agus ceimiceoir
Áit oibre Lyon agus Páras
Fostóirí École polytechnique (en) Aistrigh  (1804 -  1828)
Collège de France (en) Aistrigh  (1824 -  1836)
Saothar iomráiteach Ampère's circuital law (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Cumann Ríoga
Société Philomathique de Paris (en) Aistrigh
Acadamh na nEolaíochtaí
Saint Petersburg Academy of Sciences (en) Aistrigh
Cumann Ríoga Dhún Éideann
Russian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Royal Prussian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Accademia Nazionale delle Scienze detta dei XL (en) Aistrigh
Royal Academy of Science, Letters and Fine Arts of Belgium (en) Aistrigh
Royal Swedish Academy of Sciences (en) Aistrigh
Q20012448 Aistrigh
Académie des sciences, belles-lettres et arts de Lyon (en) Aistrigh
Creideamh
Ord Proinsiasaigh
André-Marie Ampère signature.svg

Rinne Ampère taighde ar leictridinimic agus an gaol idir leictreachas is maighnéadas[1]. Shaothraigh sé bealaí chun sruth leictreach a thomhas. Dhíothraigh sé dlí Ampere i 1827 le cur síos ar an réimse ciorclach maighnéadach a thimpeallaíonn sreang sruthiompartha. Tá aonad an tsrutha leictrigh (SI), an t-aimpéar, ainmnithe as.

A óigeCuir in Eagar

Rugadh é i Lyon, sa Fhrainc, agus bhí cónaí ar sa sráidbhaile, Poleymieux-au-Mont-d'Or, ón mbliain 1775 go 1836. Mar pháiste éachtach, bhí an-suim aige i bhfoghlaim agus eolas a aimsiú ó aois óg, deirtear gur úsáid sé clocha agus brioscaí le suimeanna móra a dhéanamh amach, sular fhoghlaim sé a chuid uimhreacha.

Thosaigh a athair ag múineadh Laidine dó, ach stop sé nuair a bhí sé soiléir go raibh sé níos fearr ag an mata. Chun saothar Euler agus Bernoulli a thuiscint, bhí air an Laidin a fhoghlaim pé scéal é.

Sa bhliain 1796 bhuail Ampère le Julie Carron, iníon ghabha a bhí ina chónaí in aice le Lyon. Sa bhliain 1799 pósadh iad. Ón mbliain 1796 ar aghaidh, mhúin Ampère an matamaitic, an cheimic agus teangacha. Sa bhliain 1801 chuaigh sé go Bourg, le bheith mar ollamh le fisic agus ceimic. D'fhán a bhean chéile breoite agus a mhac óg (Jean Jacques Ampère) ag Lyon. Fuair sí bás sa bhliain 1804, agus bhí an-tionchar ag a báis air. Sa bhliain chéanna, ceapadh é mar ollaimh mata sa lycée i Lyon.

 
F. Tonnelat

Ranníocaíocht do fisic agus eileCuir in Eagar

Tá clú agus cáil ag Ampère i gcúrsaí eolaíochta de bharr an nasc a rinne sé idir leictreachas agus maighnéadas , agus ag chuir tús le staidéar an leictreamaighnéadais. Ar an 11 Meán Fómhair, 1820 chuala Ampère faoi aimsiú H. C. Ørsted, go ndéanann sruth voltach gníomh ar snáthaid maighnéadach. Seachtain ina dhiaidh sin, léirigh Ampère páipéar ag míniú céard a bhí ag tarlú ansin.

 
Essai sur la philosophie des sciences

Lean Ampère ag staidéar ar an leictreamaignéadas, agus d'fhionn sé teoiric mhatamaiticiúil a mhínigh na heachtraí a bhí feicthe cheana féin agus a réamhaithrigh rudaí nua freisin.

Bhí "Essai sur la philosophie des sciences, ou exposition analytique d'une classification naturelle de toutes les connaissances humaines", mar saothar deireanach Ampère a d'fhoilsíodh i ndiaidh a bháis.

Fuair Ampère bás i Marseille agus cuireadh é sa Cimetière de Montmartre, i bPáras.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)