Antoine Thomson d'Abbadie
Ba thíreolaí clúiteach é Antoine Thomson d'Abbadie. Rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 3 d'Eanáir 1810 é. Bascach ba ea a athair agus Éireannach ba ea a mháthair. Ba dheartháir leis Arnaud Michel d'Abbadie, taiscéalaí cáiliúil freisin.
An Bhrasaíl
cuir in eagarBhog an teaghlach Abbadie go dtí an Fhrainc sa bhliain 1818. Sheol an Académie française Antoine chuig an Bhrasaíl sa bhliain 1835 ar thuras eolaíochta. Scríobh sé tráchtas ar na rudaí a chonaic sé ann. Foilsíodh sa bhliain 1873 é mar Observations relatives à la physique du globe faites au Brésil et en Ethiopie.
Chaith a dheartháir Arnaud seal san Ailgéir ag an am céanna.
An Aetóip
cuir in eagarSa bhliain 1837 thaisteal an bheirt acu, Antoine agus Arnaud, chun na hAetóipe. Shroich siad Massawa i mí Fheabhra 1838. Thug siad cuairt ar áiteanna éagsúla ina n-áirítear Ennarea agus Kaffa, áiteanna nach raibh mórán aithne orthu san Eoraip an tráth sin. Uaireanta bhíodh na deartháireacha ag taisteal i dteannta a chéile agus uaireanta eile, bhíodh siad ag taisteal ina n-aonar. Is iomaí dua agus cruachás a chasadar leis. Bhí siad gníomhach freisin i gcomhchealga.
Tar éis dóibh faisnéis luachmhar a bhailiú faoi thíreolas, geolaíocht, seandálaíocht agus dúlra na hAetóipe, d'fhill an bheirt acu ar an bhFrainc sa bhliain 1848. Thosaigh siad ag ullmhú cad a bhí scríofa acu len iad a fhoilsiú.
Cháin a lán daoine saothar Antoine. D'áitigh a lucht cáinte nach raibh fíricí cearta aige. Cháin Charles Tilstone Beke go géar é, ag áitiú go raibh sé insint bréaga maidir leis an turas go Kana. Ach tá sé léirithe ó shin ag taiscéalaithe eile a tháinig i ndiaidh Abbadie go raibh tuairisc Abbadie iontaofa. Ba é an t-aon rud a bhí mícheart ag Abbadie ná a bharúil gurb é an Níl Ghoirm príomhshruth na habhann.
Foilsíodh torthaí topagrafacha i bPáras idir a 1860 agus a 1873 i Geodesie d'Ethiopie, a bhí breac le sonraí luachmhara agus ina raibh deich léirscáil. Níor foilsíodh ach imleabhar amháin de chuid Géographie de l'Ethiopie (Páras, 1890). In Un Catalogue raisonné de manuscrits ethiopiens (Páras, 1859) tugtar cur síos ar 234 lámhscríbhinní Aetópacha a bhailigh Antoine.
Chuir Antoine foclóirí éagsúla i dtoll a chéile freisin, Dictionnaire de la langue amariñña (Páras, 1881) san áireamh. D'fhoilsigh sé cáipéisí éagsúla faoi thíreolaíocht na hAetóipe, boinn airgid Aetópacha agus inscríbhinní ársa. D'fhoilsigh sé tuairisc darbh ainm Reconnaissances magnetiques faoi na grinnithe adhmainteacha a chonaic sé nuair a bhí sé ag taisteal chuig an Mhuir Rua. Foilsíodh scéal na n-aistear sa bhliain 1868 mar Douze ans dans la Haute Ethiopie. Ba é Arnaud a scríobh é.
Onóracha
cuir in eagarBronnadh bonn mór Société de Géographie Pháras ar d'Abbadie agus a dheartháir in 1850. Bronnadh an Légion d'honneur air chomh maith, agus bhí sé ina bhall d'Acadamh Eolaíochta na Fraince.