Aodh Ó Canainn

scríbhneoir Éireannach

Rugadh Aodh Ó Canainn i gCúil Raithin, Co. Dhoire, sa bhliain 1934. Chaith sé a óige i nDoire, áit ina bhfuair sé oideachas i gColáiste Cholm Cille. Bhain sé céim amach san innealtóireacht ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chaith sé bliain (1956-57) ag obair le comhlacht leictreonach, Marconi Espanola, i Maidrid, áit inar chuir sé spéis i dteanga agus i gcultúr na Spáinne. Chuaigh sé ag obair le DuPont ar feadh cúpla bliain nuair a d'fhill sé ar Dhoire. Tharraing a thriail go Baile Átha Cliath é, agus fuair sé post mar innealtóir i Transport & Power; Irish Ropes agus RTÉ.

Infotaula de personaAodh Ó Canainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1934
Cúil Raithin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Iúil 2021
86/87 bliana d'aois
Dún Laoghaire, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Bhain sé céim máistreachta amach sa Ghnó, ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1966, agus lean le gairm nua mar Chomhairleoir Bainistíochta san Irish Management Institute. Ceapadh mar stiúrthóir gníomhach, ar feadh sé mhí é, ar Bhord na Gaeilge i 1978.

Nuair a d'éirigh sé as obair, ag aois 55, dhírigh sé ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Bhunaigh sé féin agus Ailbhe Ó Corráin Éigse Cholm Cille sa bhliain 2002 chun léamh agus scríobh na Gaeilge a chur chun cinn, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí Iarthar Uladh.

Bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath lena bhean Áine. Fuair sé bás i nDún Laoghaire ar an 2 Iúil 2021.

Foilseacháin cuir in eagar

Leabhair:

  • Teacht den tSliabh Tráthnóna: Pádraig Ó hEaráin agus oidhreacht Bhaile na Scríne. Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2006
  • Tearmann na gColúr. Inverin, Cló Iar-Chonnachta Teo., 1998
  • An bhfaca tú Dracula?: dialann Thrasalvánach. BÁC, Comhar, 1997
  • Mise agus Platero/Juan Ramon Jimenez. BÁC, Coiscéim, 1991
  • Scian a Caitheadh le Toinn: scéalta agus amhráin as Inis Eoghain agus cuimhne ar Ghaeltacht Iorrais. BÁC, Coiscéim, 1990
  • Léine Ghorm: úrscéal. BÁC, Sáirséal Ó Marcaigh, 1984

PhD:

  1. Engineers in Management. TCD, 1993