Aoife Valley

scríbhneoir as Tír Eoghain

Scríbhneoir agus ealaíontóir as Tuaisceart Éireann is ea Aoife Valley.

Infotaula de personaAoife Valley
Beathaisnéis
Breith1976
47/48 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Saolaíodh sa bhliain 1976 i dTuaisceart Éireann í. Chaith sí a h-óige idir na tailte portaigh cois Loch nEathach i dTír Eoghain agus limistéar uirbeach Craigavon i gContae Ard Mhacha. Rinne sí staidéar sa Mhínealaín sa Bhreatain agus i mBaile Átha Cliath agus chaith roinnt blianta ag obair i mbun na n-ealaíon pobail i dTuaisceart Éireann agus i mBÁC.

Chuaigh sí ag taistil timpeall an domhain sa bhliain 2004 agus scríobh sí Teach an Oighir, a céad scéal do leanaí, sa Téalainn. Go dtí le déanaí bhí sí i dTír Chonaill i mbun grianghrafadóireachta agus priontaí a chur ar taispeáint ar bhonn lánaimseartha agus ag obair mar gharraíodóir agus mar dhearthóir gréasáin.

D'aistrigh sí go Sasana mar a bhfuil sí fós ag scríobh agus ag taispeáint a cuid oibre.[1]

Saothar foilsithe cuir in eagar

  • Teach an Oighir (Cois Life 2009)

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar