Aonghas Dubh MacNeacail
file Albanach
Is bard nó file é Aonghas MacNeacail ón Eilean Sgitheanach. Is cainteoir Gaeilge na hAlban é ó dhúchas agus scríobhann sé dánta i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban. Rugadh é sa bhliain 1942 in Úige.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Meitheamh 1942 Ùige, Scotland |
Bás | 19 Nollaig 2022 80 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ghlaschú Àrd-sgoil Phort Rìgh Uig Primary School (en) |
Áit chónaithe | Na Pùballan |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, leabhrógaí, scríbhneoir |
Seánra | Filíocht |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Gerda Stevenson |
Suíomh gréasáin | aonghasmacneacail.co.uk |
Beatha cuir in eagar
Rugadh MacNeacail in Úige, an t-Eilean Sgitheanach, ar an 7 Meitheamh 1942. Ba chainteoir dúchais Gaeilge é agus chuaigh sé go Bhun-sgoil Ùige, Àrd-sgoil Phort Rìgh agus níos déanaí ar aghaidh chuig Ollscoil Ghlaschú. Tá sé pósta le Gerda Stevenson, aisteoir agus scríbhneoir Albanach.
Tá filíocht, amhráin, drámaí, scripteanna don raidió, don teilifís, don scannán agus don cheoldrámaíocht scríofa ag Aonghas.
Filíocht i nGaeilge cuir in eagar
- Sireadh Bradain Sicir / Seeking Wise Salmon. Balnain Books, 1983.
- An Cathadh Mòr / The Great Snowbattle. Balnain Books, 1984.
- An Seachnadh / The Avoiding. Lines Review Editions, 1986.
- Oideachadh Ceart / A Proper Schooling. Polygon, 1996.
- Laoidh an Donais Oig / Hymn to a Young Demon. Polygon, 2007.
Filíocht i mBéarla cuir in eagar
- Imaginary Wounds. Print Studio Press, 1980.
- Rock and Water. Polygon, 1990.
Aistí cuir in eagar
'[gan tiodal]' in 'Unstated': 'Writers on Scottish Independence, le Scott Hames Word Power Books, 2012, dd. 133-9
Scannáin cuir in eagar
- Seachd (Young Films 2007, st. Simon Miller) - comhscríobhnóir.
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- [Láithreán gréasáin an fhile; http://www.aonghasmacneacail.co.uk/]
- [Eolas faoi Aonghas MacNeacail, a shaol agus a chuid filíochta ag Láithreán na mBand, BBC Alba. http://www.bbc.co.uk/alba/foghlam/larachnambard/poets/aonghas_macneacail/am_bard/]