Arald Gormfhiacail
Rí na Danmhairge agus na hIorua
B'é Arald "Gormfhiacail" Gormsson (An tSean-Lochlannais: Haraldr blátǫnn Gormsson, Danmhairgis: Harald Blåtand Gormsen) mac an Rí Gorm na Danmhairge agus Thyra Dannebod. Fuair sé bás sa bhliain 985 nó 986 tar éis é a bheith ina Rí na Danmhairge ó c. 958 agus ina Rí na hIorua ar feadh cúpla bliain, is dócha, thart ar 970. Tugann roinnt foinsí le fios gur dhíshealbhaigh a mhac Svend Tveskæg é mar rí, le lámh láidir.
Arald "Gormfhiacail" Gormsson | |
---|---|
Poppo an manach i mbun an rí a bhaisteadh. | |
Arald Gormfhiacail | |
Réimeas | Rí na Danmhairge (c.958–986), Rí na hIorua (c.970–975/986) |
Dáta breithe | c. 935 |
Áit bhreithe | Ríocht na Danmhairge |
Réamhtheachtaí | Olaf Haraldsson |
Rítheaghlach | Teach Ríoga Gorm na Danmhairge |
Céile | Gyrid Olafsdottir, Tove. |
Na clocha JellingCuir in Eagar
Ba chúis le Arald na clocha Jelling a chur in airde in ómós do a thuismitheoirí. Measann an 'Encyclopædia Britannica' gurb iad na hinscríbhinní rúnacha na cinn is mó a bhíonn ar eolas i measc phobal na Danmhairge. Tugann an inscríbhinn ó na clocha Jelling achoimriú dúinn ar bheathaisnéis an rí:
- "D'ordaigh an Rí Arald na cuimhneacháin seo a bheith déanta i gcuimhne ar Ghorm, a athair, agus Thyra, a mháthair. An Arald a bhuaigh an Danmhairg agus an Iorua go léir agus a chas na Danair chun na Críostaíochta."