Ardeaspag Canterbury

Ceannaire ar an Eaglais Shasana agus ar an gComaoineach Anglacánach domhanda is ea ardeaspag Canterbury. Is comharba é an t-ardeaspag ar Naomh Agaistín, an chéad ardeaspag idir 597 agus 605. Justin Welby atá san oifig faoi láthair. Tá an t-ardeaspag bunaithe ag Ardeaglais Canterbury.