Arm Cathartha na hÉireann

(Athsheolta ó Arm na Saoránach)

Eagraíocht mhíleata ab ea Arm Cathartha na hÉireann (Béarla: Irish Citizen Army, giorrúchán: ICA) ar bhunaigh James Larkin, Jack White, Séamus Ó Conghaile agus daoine eile í sa bhliain 1913 leis an lucht oibre a chosaint ar lámh láidir Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath.[1] Ba é 19 Samhain 1913 lá bunaithe na heagraíochta[2]), le linn an Fhrithdhúnta.

Bosca Sonraí EagraíochtaArm Cathartha na hÉireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáltrúpaí sealadacha
páirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh23 Samhain 1913
Bunaitheoir(í)Séamus Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus Jack White Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1947 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht1,000 (1913)
Ballraíocht300 (1916)
Ballraíocht200 (1920)
Ballraíocht140 (1922)
Ballraíocht300 (1934) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
An Camchéachta, an bhratach shóisialach, Arm Cathartha na hÉireann
Baill de chuid Airm Cathartha na hÉireann
Grúpa d'Arm Cathartha na hÉireann, Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath 1914

Eagraíocht cuir in eagar

Tar éis an fhrithdhúnta, bhí an t-arm lonnaithe i bPáirc Croydon, agus iad ag druileáil agus ag máirseáil sa tréimhse roimh Éirí Amach na Cásca. Bhí 350 ball san eagraíocht, a bheag nó a mhór, agus baint ag a bhformhór le ceardchumann éigin. Ba é an mana a bhí acu ná Ní don Rí ná don Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d'Éirinn, is é sin níor thug an mana aitheantas d'aon difríocht idir an Rí agus an Kaiser (is é sin, Impire na Gearmáine) - bhí an bheirt acu chomh coimhthíoch le chéile ó thaobh na hÉireann de, nó sin é an teachtaireacht a bhí ann.

Bhí sainéide dá gcuid féin ag lucht an Airm seo agus iad ag déanamh a gcuid traenála go hoscailte. Mhaígh an Captaen Jack White, a bhí i bhfeighil ar dhruileáil na bhfear, go mbeadh meas acu orthu féin mar phobal.[3]

Ba é an céachta an tsiombail a bhí le feiceáil ar bhrat Arm Cathartha na hÉireann.[4] Sheas an Camchéachta mar shiombail don tSóisialachas Éireannach mar a tuigeadh don Chongaileach é, agus ba é ab impleacht don tsiombail ná, nuair a bhainfeadh Éire amach a saoirse, go mbeadh cumhacht aici agus ag a muintir ar a cinniúint féin ón talamh aníos go réaltaí na spéire féin.

Bhí roinnt gunnaí faighte faoi rún acu, a coimeádadh i gceanncheathrú an ITGWU (Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann) i Halla na Saoirse, gar do Theach an Chustaim.

1914–1916 cuir in eagar

Chuaigh Larkin go dtí na Stáit Aontaithe go luath sa bhliain 1914.

Chuaigh Séamas Ó Conghaile[5] i gceannas ar an Arm Chathartha sa bhliain 1914 agus rinne é a atheagrú le heagraíocht mhíleata réabhlóideach a dhéanamh de. Bhí an tArm Cathartha, faoin Chonghaileach, ina eagraíocht shóisialach phoblachtach a thacaigh le smaoineamh an éirí amach armtha agus bhí siad ag easaontú leis na daoine a bhí ag iarraidh moill a chur ar an Éirí Amach.[6]

Bhí Michael Mallin ina Cheann Foirne i gceannas ar an Arm níos déanaí. Ba é a bhí i gceannas le linn Éirí Amach 1916. Bhí an tArm Cathartha go mór i bhfách le gníomh armtha sa bhliain 1916.[6]

 
Séamas Ó Conghaile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. National Library of Ireland - 1916 Exhibition (2016). "Iad Siúd a Raibh Pleananna Eile Acu: Páirtí an Lucht Oibre: Jim Larkin agus Arm Cathartha na hÉireann". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-11-19.
  2. (nó an 23 Samhain, de réir foinsí eile
  3. ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
  4. Cathal de Paor. "Tá ceacht le foghlaim againn ón chéachta" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-19.
  5. Bhí dearcadh láidir sóisialach ag an gConghaileach, ach ba thírghráthóir é freisin agus chuaigh sé i bpáirt le hÓglaigh na hÉireann in Éirí Amach na Cásca.
  6. 6.0 6.1 ccea.org.uk. "ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA: AIDHMEANNA AGUS IDÉIL NA REIBILIÚNACH". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-19. Dáta rochtana: 2021.