Ilstórach

foirgneamh ard

Teach spéire is ea ilstórach, nó foirgneamh ilstórach an-ard, de réir cineáil, le creatlach cruach is balla cuirtín (nach n-iompraíonn meáchan an fhoirgnimh os a chionn), agus teacht ar na hurláir le hardaitheoirí ardluais.

Gnócheantar Los Angeles

William Le Baron Jenney a thóg an chéad teach spéire i Chicago i 1885, bunaithe ar chearchaillí cruach.

Tháinig an téarma ‘teach spéire’ in úsáid ag deireadh an 19ú céad. I measc na dtithe spéire is cáiliúla ó na 1920idí i Nua-Eabhrac, tá an Chrysler Building (1928-1930) agus an Empire State Building (1930-1931).

D'osclaíodh an Burj Khalifa i nDubai (828 m) i 2010

Is iad na hilstóraigh is airde ar Domhan Menara Petronas i gKuala Lumpur (452 m), Taipei 101 sa Téaváin (509 m), agus Burj Khalifa i nDubai (828 m) a osclaíodh i 2010.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ilstórach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 364.