Chrysler
Is déantúsóir gluaisteán Meiriceánach é an FCA US LLC agus tá a cheanncheathrú déantúsaíocht suite i mbruachbhaile Chathair Detroit darbh ainm 'Auburn Hills'.
(2021) | |||||
Ainmnithe in ómós | Walter Chrysler | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | monaróir carranna cuideachta phoiblí gnó trádmharc | ||||
Foirm dlí | cuideachta faoi dhliteanas teoranta | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Maxwell Motor Company (en) (1925) National Motor Vehicle Company (en) Dodge (1928) | ||||
Dáta a bunaíodh | 6 Meitheamh 1925, Auburn Hills | ||||
Bunaitheoir(í) | Walter Chrysler | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Táirge | trucail agus gluaisteán | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Sergio Marchionne (2009–2018) Michael Manley (en) (2018–2021) | ||||
Stiúrthóir/bainisteoir | John Elkann | ||||
Líon fostaithe | 90,000 (2019) | ||||
Máthaireagraíocht | Stellantis (2021–) | ||||
Úinéir | Stellantis (2021–) | ||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | |||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Glanbhrabús | 2,000 M$ | ||||
Suíomh gréasáin | https://media.stellantisnorthamerica.com/homepage.do | ||||
Thosaigh Chrysler, ar dtús báire, faoin ainm 'An Chrysler Corporation', sa bhliain 1925. Ó 1998 go dtí 2007, bhí Chrysler agus a fhochuideachtí mar chuid de 'DaimlerChrysler AG' (anois 'Daimler AG') agus an Ghearmáin ina bhunáit aige.
Roimh 1998, thrádáil 'Chrysler Corporation' faoin siombail "C" ar stocmhargadh Nua Eabhrach. Faoi bhainistíocht 'DaimlerChrysler', ainmníodh an comhlacht "DaimlerChrysler Motors Company LLC" agus gairtear, i gcoitinne, an 'Chrysler Group' ar a ghnóthaí sna Stáit Aontaithe.
Ar an 14ú Bealtaine, 2007, d'fhógair 'DaimlerChrysler' gur díoladh 80.1% den 'Chrysler Group' chuig an comhlacht príobháideach Meiriceánach 'Cerberus Capital Management, L.P., ' cé gur choimeád 'Daimler' 19.9% de na scaireanna. Ina dhiaidh seo thóg an comhlacht a ainm reatha. Ar an 27ú Aibreán, 2009, shínigh 'Daimler AG' comhaontú ceangailteach chun an sciar de 19.9% a bhí fághta acu i gChrysler LLC a dhíol chuig 'Cerberus Capital Management' agus suim airgid, a oiread agus $600 isteach i gciste pinsin na ndéantóirí carranna.