Trádmharc
Siombail a chuirtear ar earra le cur in iúl go ndearna comhlacht áirithe é. Nuair a chláraítear an trádmharc, bíonn sé mídhleathach úsáid a bhaint as gan údarás. Comhartha tábhachtach margaíochta a úsáidtear chun ionannas is íomhá láidir branda a chruthú don earra. Sna Stáit Aontaithe cuimsíonn an trádmharc an tsiombail ®, le taispeáint gur cláraíodh é.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Trádmharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 673.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |