Arne Garborg

scríbhneoir Ioruach

Prós-scríbhneoir agus údar aistí ón Iorua ab ea Arne Garborg, agus é ar thús cadhnaíochta ag úsáid an leagan Nynorsk den teanga Ioruaise. Rugadh ar an 25 Eanáir 1851 in Jæren i gcúige Rogaland é, agus fuair sé bás ar an 14 Eanáir 1924 in Asker i gcúige Akershus (inniu, i gcúige Viken). Is é an saothar is tábhachtaí dá tháinig óna pheann ná an t-úrscéal Bondestudentar ("Mic Léinn ón Tuath"). Bhunaigh sé roinnt irisí lena chuid smaointí faoi thábhacht na teanga Nynorsk a chraobhscaoileadh agus leis an teanga féin a chur chun cinn. Thairis sin d'oibrigh seisean agus an teangeolaí Rasmus Flo amach a leagan féin de cheartlitriú an Nynorsk, Midlandsnormalen nó "Caighdeán Lár na Tíre". Sa chaighdeán sin a chuaigh na leaganacha deifnideacha de shaothar Garborg i gcló.

Arne Garborg
Garborg portrett.jpg
Saol
Eolas breithe Undheim (en) Aistrigh, 25 Eanáir 1851, 1851
Náisiúntacht An Iorua
Bás Asker (en) Aistrigh, 14 Eanáir 1924, 1924
Muintir
Céile/Céilí Hulda Garborg  (Nollaig 3, 1887 -
Páistí
Oideachas
Teangacha Ioruais
Nynorsk
Gairm
Gairm iriseoir, scríbhneoir, dialannaí, drámadóir agus file
Ainmníodh é/í le haghaidh
Cleamhnú
Reiligiúin An Chríostaíocht
IMDb nm1626470
Discogs ID 793687

Ainmníodh é do Dhuais Nobel sa Litríocht sé huaire.[1]

LeabharliostaCuir in Eagar

 
Is músaem inniu é teach breithe Garborg ag Jæren.
 
Portráid d'Arne Garborg le Eilif Peterssen, ó 1894.
  • Ein Fritenkjar (1878)
  • Bondestudentar (1883)
  • Forteljingar og Sogar (1884)
  • Mannfolk (1886)
  • Uforsonlige (1888)
  • Hjaa ho Mor (1890)
  • Kolbotnbrev (1890) (Litreacha)
  • Trætte Mænd (1891) (foilsithe i mBéarla mar Tired MenWeary Men)
  • Fred (1892) (foilsithe i mBéarla mar Peace)
  • Jonas Lie. En Udviklingshistorie (1893)
  • Haugtussa (1895) (Filíocht)
  • Læraren (1896)
  • Den burtkomme Faderen (1899) (foilsithe i mBéarla mar The Lost Father)
  • I Helheim (1901)
  • Knudahei-brev (1904) (Litreacha)
  • Jesus Messias (1906)
  • Heimkomin Son (1906)
  • Dagbok 1905–1923 (1925–1927) (Dialann)
  • Tankar og utsyn (1950) (Aistí)

AthfhriotailCuir in Eagar

"Deirtear gur féidir leat gach rud a bheith agat le hairgead, ach ní féidir leat. Is féidir leat bia a cheannach, ach ní goile; leigheas ach ní sláinte; eolas ach ní eagna; gealra, ach ní áilleacht; spraoi, ach ní lúcháir; lucht aitheantais, ach ní cairde; seirbhísigh, ach ní dílseacht; fóillíocht, ach ní síocháin. Is féidir leat crotal gach rud a bheith agat ar airgead, ach ní an eithne. "[2]

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

  1. "Nomination Database".
  2. Editorial. The Weekender Newspaper. Cluny, Alberta, Canada, March 4, 2005.