Duais Nobel na Litríochta
(Athsheolta ó Duais Nobel sa Litríocht)
Bronntar Duais Nobel na Litríochta gach bliain ar shár-scríbhneoir i bprós, drámaíocht nó filíocht.
Bhain ceathrar scríbhneoirí Éireannacha Duais Nobel amach: William Butler Yeats (sa bhliain 1923), George Bernard Shaw (1925), Samuel Beckett (1969), agus Seamus Heaney (1995). Rugadh an chéad triúr acu i mBaile Átha Cliath.
Liosta iomlán de na duaiseoirí Nobel na Litríochta
cuir in eagar- 2019: Peter Handke, an Ostair
- 2018: Olga Tokarczuk, an Pholainn
- 2017: Kazuo Ishiguro, gearrscéalaí agus scríbhneoir, an Bhreatain Mhór
- 2016: Bob Dylan, údar agus ceoltóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 2015: Svetlana Aleksievich, scríbhneoir agus iriseoir, an Bhealarúis
- 2014: Patrick Modiano, úrscéalaí, an Fhrainc
- 2013: Alice Munro, gearrscéalaí, Ceanada
- 2012: Mo Yan, úrscéalaí, an tSín
- 2011: Tomas Tranströmer, file, an tSualainn
- 2010: Mario Vargas Llosa, úrscéalaí, Peiriú
- 2009: Herta Müller, úrscéalaí, an Ghearmáin agus an Rómáin
- 2008: Jean-Marie Gustave Le Clézio, úrscéalaí, an Fhrainc
- 2007: Doris Lessing, scríbhneoir, an Bhreatain Mhór
- 2006: Orhan Pamuk, úrscéalaí, an Tuirc
- 2005: Harold Pinter, drámadóir, an Bhreatain Mhór
- 2004: Elfriede Jelinek, úrscéalaí, an Ostair
- 2003: J.M.Coetzee, úrscéalaí, an Afraic Theas
- 2002: Imre Kertész, úrscéalaí, an Ungáir
- 2001: V.S.Naipaul, úrscéalaí agus scríbhneoir aistí agus leabhar taistil, An Tríonóid agus Tobága
- 2000: Gao Xingjian, úrscéalaí, an tSín
- 1999: Günter Grass, úrscéalaí, an Ghearmáin
- 1998: José Saramago, úrscéalaí, an Phortaingéil
- 1997: Dario Fo, drámadóir, an Iodáil
- 1996: Wisława Szymborska, file, an Pholainn
- 1995: Seamus Heaney, file, Éire
- 1994: Kenzaburo Ōe, úrscéalaí agus gearrscéalaí, an tSeapáin
- 1993: Toni Morrison, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1992: Derek Walcott, file, na hIndiacha Thiar
- 1991: Nadine Gordimer, úrscéalaí agus gearrscéalaí, an Afraic Theas
- 1990: Octavio Paz, file agus scríbhneoir aistí, Meicsiceo
- 1989: Camilo José Cela, úrscéalaí, an Spáinn
- 1988: Naguib Mahfouz, úrscéalaí, An Éigipt
- 1987: Joseph Brodsky, file, An tAontas Sóivéadach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1986: Wole Soyinka, drámadóir, file agus úrscéalaí, An Nigéir
- 1985: Claude Simon, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1984: Jaroslav Seifert, file, An tSeicslóvaic
- 1983: William Golding, úrscéalaí, Sasana
- 1982: Gabriel García Márquez, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Cholóim
- 1981: Elias Canetti, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí agus scríbhneoir aistí, Sasana/An Bhulgáir (rugadh sa Bhulgáir é, agus Spáinnis Ghiúdach mar theanga dhúchais aige, ach b'í an Ghearmáinis teanga a chuid scríbhneoireachta)
- 1980: Czesław Miłosz, file, scríbhneoir aistí agus úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1979: Odysseus Elytis, file, An Ghréig
- 1978: Isaac Bashevis Singer, úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1977: Vicente Aleixandre, file, An Spáinn
- 1976: Saul Bellow, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá (rugadh i gCeanada é)
- 1975: Eugenio Montale, file, An Iodáil
- 1974: Eyvind Johnson, úrscéalaí, An tSualainn; agus Harry Martinson, úrscéalaí agus file, An tSualainn
- 1973: Patrick White, úrscéalaí, gearrscéalaí, file agus drámadóir, An Astráil
- 1972: Heinrich Böll, úrscéalaí, gearrscéalaí, An Ghearmáin
- 1971: Pablo Neruda, file, an tSile
- 1970: Aleksandr Solzhenitsyn, úrscéalaí, drámadóir, file agus staraí an Stailíneachais, An tAontas Sóivéadach
- 1969: Samuel Beckett, drámadóir, úrscéalaí, Éire agus an Fhrainc
- 1968: Yasunari Kawabata, úrscéalaí, an tSeapáin
- 1967: Miguel Ángel Asturias, úrscéalaí, Guatamála
- 1966: Shmuel Yosef Agnon, úrscéalaí, Iosrael; agus Nelly Sachs, file agus drámadóir, an tSualainn (scríbhneoir Giúdach Gearmáinise a d'éalaigh ó na Naitsithe go dtí an tSualainn)
- 1965: Mikhail Sholokhov, úrscéalaí, an tAontas Sóivéadach
- 1964: Jean-Paul Sartre, fealsamh, an Fhrainc
- 1963: Giorgos Seferis, file, an Ghréig
- 1962: John Steinbeck, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1961: Ivo Andrić, úrscéalaí, An Iúgslaiv
- 1960: Saint-John Perse, file, An Fhrainc
- 1959: Salvatore Quasimodo, file, An Iodáil
- 1958: Boris Pasternak, file agus úrscéalaí, an tAontas Sóivéadach
- 1957: Albert Camus, úrscéalaí, an Fhrainc
- 1956: Juan Ramón Jiménez, file, an Spáinn
- 1955: Halldór Laxness, úrscéalaí agus drámadóir, an Íoslainn
- 1954: Ernest Hemingway, gearrscéalaí, úrscéalaí agus iriseoir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1953: Winston Churchill, dírbheathaisnéisí, staraí agus polaiteoir, Sasana
- 1952: François Mauriac, úrscéalaí, an Fhrainc
- 1951: Pär Lagerkvist, úrscéalaí, an tSualainn
- 1950: Bertrand Russell, fealsamh, Sasana
- 1949: William Faulkner, úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1948: Thomas Stearns Eliot, file, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana
- 1947: André Gide, úrscéalaí, an Fhrainc
- 1946: Hermann Hesse, úrscéalaí, gearrscéalaí agus file, An Ghearmáin agus an Eilvéis
- 1945: Gabriela Mistral, file, an tSile
- 1944: Johannes Vilhelm Jensen, úrscéalaí, file, drámadóir agus scríbhneoir aistí, an Danmhairg
- 1943: Níor bronnadh
- 1942: Níor bronnadh
- 1941: Níor bronnadh
- 1940: Níor bronnadh
- 1939: Frans Eemil Sillanpää, úrscéalaí, An Fhionlainn
- 1938: Pearl S. Buck, úrscéalaí agus gearrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1937: Roger Martin du Gard, úrscéalaí, An Fhrainc
- 1936: Eugene O'Neill, drámadóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1935: Níor bronnadh
- 1934: Luigi Pirandello, drámadóir agus úrscéalaí, An Iodáil
- 1933: Ivan Bunin, úrscéalaí, file agus gearrscéalaí, scríbhneoir ar deoraíocht ón Rúis
- 1932: John Galsworthy, úrscéalaí, Sasana
- 1931: Erik Aksel Karlfeldt, file, An tSualainn
- 1930: Sinclair Lewis, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1929: Thomas Mann, úrscéalaí, gearrscéalaí agus aistí, An Ghearmáin
- 1928: Sigrid Undset, úrscéalaí, An Iorua
- 1927: Henri Bergson, fealsamh, An Fhrainc
- 1926: Grazia Deledda, file agus úrscéalaí, An Iodáil
- 1925: George Bernard Shaw, drámadóir agus criticeoir liteartha, Éire
- 1924: Władysław Reymont, úrscéalaí, An Pholainn
- 1923: William Butler Yeats, file, Éire
- 1922: Jacinto Benavente, drámadóir, An Spáinn
- 1921: Anatole France, úrscéalaí, gearrscéalaí, file agus criticeoir liteartha, An Fhrainc
- 1920: Knut Hamsun, úrscéalaí, An Iorua
- 1919: Carl Spitteler, file, An Eilvéis
- 1918: Níor bronnadh
- 1917: Henrik Pontoppidan, úrscéalaí, An Danmhairg; agus Karl Adolph Gjellerup, file, An Danmhairg
- 1916: Verner von Heidenstam, úrscéalaí agus file, An tSualainn
- 1915: Romain Rolland, úrscéalaí, drámadóir agus aistí, An Fhrainc
- 1914: Níor bronnadh
- 1913: Rabindranath Tagore, file, úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí agus ceoltóir, An India
- 1912: Gerhart Hauptmann, drámadóir agus úrscéalaí, An Ghearmáin
- 1911: Maurice Maeterlinck, drámadóir, file agus aistí, An Bheilg
- 1910: Paul von Heyse, file, drámadóir, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Ghearmáin
- 1909: Selma Lagerlöf, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An tSualainn
- 1908: Rudolf Christoph Eucken, fealsamh, An Ghearmáin
- 1907: Rudyard Kipling, úrscéalaí, gearrscéalaí agus file, An Ríocht Aontaithe
- 1906: Giosuè Carducci, file, An Iodáil
- 1905: Henryk Sienkiewicz, úrscéalaí, An Pholainn
- 1904: José Echegaray, drámadóir, An Spáinn; agus Frédéric Mistral, file agus focleolaí, An Fhrainc
- 1903: Bjørnstjerne Bjørnson, file, úrscéalaí agus drámadóir, An Iorua
- 1902: Theodor Mommsen, staraí agus dlíodóir, An Ghearmáin
- 1901: Sully Prudhomme, file agus aistí, An Fhrainc