Scríbhneoir neamhfhicsin agus iriseoir iniúchta de chuid na Bealarúise is ea Svetlána Alecsándrovna Alecsiévich[1] (r. 1948). Is i Rúisis a scríobhann sí.

Svetlána Alecsiévich (r. 1948) sa bhliain 2013.

Do rugadh Svetlána Alecsiévich ar an 31ú lá de mhí an Mhárta i mbaile beag Stanislaviv, nó Ivano-Frankivsk [An Úcráinis: Іва́но-Франкі́вськ, Ivano-Frankivśk] mar a thugtar air ón mbliain 1962 amach, san Úcráin. Ag an am a rugadh í, do bhí Stanislaviv suite i bPoblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine. Bealarúiseach ab ea a hathair agus Úcránach ab ea a máthair.

Do moladh Duais Nobel na Litríochta di sa bhliain 2015. Dúirt Acadamh na Sualainne gur bronnadh an duais uirthi de bharr na "scríbhneoireachta ilfhónaí" a chum sí, scríbhneoireacht atá ina "leacht cuimhneacháin d'fhulaingt agus do mhisneach ár linne."[2][3] Is í Svetlána Alecsiévich an chéad scríbhneoir riamh de chuid na Bealarúise dá moladh an duais seo.

TagairtíCuir in Eagar

Teimpléad:REFLIST

  1. An Bhealarúisis: Святлана Аляксандраўна Алексіевіч Sviatłana Alaksandraŭna Aleksijevič, Fuaimniú i mBealarúisis: [alʲɛksʲiˈjɛvʲit͡ʂ]; An Rúisis : Светла́на Алекса́ндровна Алексие́вич, Fuaimniú i Rúisis: [ɐlʲɪksʲɪˈjevʲɪt͡ɕ]; An Úcráinis: Світлана Олександрівна Алексієвич.
  2. 'Svetlana Alexievich wins Nobel Literature prize' (http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-34475251) [i mBéarla]
  3. 'Svetlana Alexievich - Facts' (https://www.nobelprize.org/nobel_prizes/literature/laureates/2015/alexievich-facts.html) [i mBéarla]