Knut Hamsun
Scríbhneoir de chuid na hIorua ab ea Knut Hamsun (a rugadh 4 Lúnasa 1859 i Vågå agus d'éag 19 Feabhra 1952 i Nørholm). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1920.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Knut Pedersen Hamsun 4 Lúnasa 1859 Vågå, An Iorua |
Bás | 19 Feabhra 1952 92 bliana d'aois Grimstad, An Iorua |
Áit adhlactha | Nørholm (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, drámadóir, léirmheastóir, úrscéalaí, file, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1877 – 1949 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Nasjonal Samling |
Gluaiseacht | Neo-romanticism (en) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ioruais agus an Danmhairgis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Bergljot Bech (1898–1906), colscaradh Marie Hamsun (1909–1952), bás an duine |
Páiste | Arild Hamsun ( Marie Hamsun) Tore Hamsun ( Marie Hamsun) Ellinor Hamsun ( Marie Hamsun) Victoria Hamsun Charlesson ( Bergljot Bech) |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
Suíomh gréasáin | hamsunsenteret.no… |
|
Saol
cuir in eagarRugadh é mar Knud Pedersen, an ceathrú páiste ag Peder Pedersen agus Tora Olsdatter. Tógadh ar an ngannchuid é agus in aois seacht mbliana déag dó thosaigh sé mar phrintíseach le tógálaí. Is thart faoin am seo is ea a chrom sé ar ag scríobh.
Sul i bhfad chuaigh sé ar imirce go SAM agus do shaothraigh sé a bheatha ar iliomad slite éagsúla ar feadh roinnt blianta. Rinne sé cur síos ar an tréimhse seo sa leabhar Fra det moderne Amerikas Aandsliv a foilsíodh sa bhliain 1889. Sa bhliain 1890 is ea a foilsíodh an t-úrscéal aitheanta den ainm Sult (Ocras) faoi lá i saol bochtán i gChristiania (Osló). Deirtear go raibh tionchar ag an leabhar seo ar James Joyce agus é ag scríobh Ulysses.
Pósadh
cuir in eagarPhós sé Bergljot Goepfert sa bhliain 1898, ach scar siad sa bhliain 1906. Trí bliana ina dhiaidh sin phós sé Marie Andersen agus bhí sise ina leathbhádóir aige as sin amach. Bhreac sise síos mionchuntas ar a shaol le chéile i gcín lae a choimeád sí i rith a saoil le chéile. Aisteoir chumasach a bhí inti ach d'fhág sí slán leis an ardán lena a saol a chaitheamh le agus ar shon a céile. Thuill sí cáil mar cruthaíoch don aos óg.
Sa bhliain 1918 chuir an lánúin fúthu i Nørholm, idir Lillesand agus Grimstad. Bhí áit bhuan anseo acu, rud a chuir ar chumas Hamsun díriú isteach ar a chuid scríbhneoireachta, ach dár ndóigh rinne sé neart taistil ó am go chéile, in ainneoin sin.
Naitsíochas
cuir in eagarBhí an-mheas aige ar na Gearmánaigh riamh. Thug sé tacaíocht dóibh i rith an Dara Chogaidh Dhomhanda. D'áitigh sé ar mhuintir na hIorua glacadh leis an arm Ghearmánach mar fhuascailteoirí, rud a d'fhág gur cuireadh in ospidéal meabhairghalair é sna blianta 1945-8 ag deireadh an chogaidh agus lag intinne curtha ina leith.
Cuireadh ar triail é ar chúiseanna tréasa ach níor ciontaíodh é. Scríobh sé leabhar faoin eachtra seo chun léiriú go soiléir nach raibh leigheas intinne air.
Bás
cuir in eagarShíothlaigh sé in aois 92 bliana dó sa bhliain 1952 ina theach féin i Nørholm.
Saothar
cuir in eagar- Den Gaadefulde (1877)
- Et Gjensyn (1878)
- Bjørger (1878)
- Lars Oftedal (1889)
- Fra Det Moderne Amerikas Aandsliv (1889)
- Sult (1890)
- Mysterier (1892)
- edaktør Lynge (1893)
- Ny Jord (1893)
- Pan (1894)
- Ved Rigets Port (1895)
- Livets Spil (1896)
- Siesta (1897)
- Aftenrøde (1898)
- Victoria (1898)
- Munken Vendt (1902)
- Kratskog (1903)
- Dronning Tamara (1903)
- I Æventyrland (1903)
- Det Vilde Kor (1904)
- Sværmere (1904)
- Stridende Liv (1905)
- Under Høststjærnen (1906)
- Benoni (1907)
- Rosa (1908)
- En Vandrer Spiller Med Sordin (1909)
- Livet Ivold (1910)
- Den Siste Glæde (1912)
- Børn Av Tiden (1913)
- Segelfoss By (1915)
- Markens Grøde (1917)
- Sproget i Fare (1918)
- Konerne ved Vandposten (1920)
- Siste Kapitel (1923)
- Landstrykere (1927)
- August (1930)
- Men Livet Lever (1933)
- Ringen Sluttet (1936)
- Artikler i Utvalg (red: Francis Bull) (1939)
- Paa Gjengrodde Stier (1949)