Fealsúnacht é an cruthaíochtachas[1] a ghlacann leis gurbh é Dia - de ghnáth, Dia na Críostaíochta, Ioslam, nó an Ghiúdachais - a chruthaigh an ollchruinne mar atá sí. Mar is minicí a thuigtear an téarma inniu, is ionann é agus frithéabhlóideachas - is é sin, is é an rud is mó a shamhlaítear leis an "gcruthaíochtachas" ná na bunúsaithe Críostaí a dhiúltaíonn don Darwineachas agus do thuiscint Charles Darwin d'fhorbairt na speiceas.

Cruthú d'Adam

Tagairtí cuir in eagar

  1. “cruthaíochtachas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-27.