Rabindranath Tagore

File agus fealsamh Beangáilis

Scríbhneoir, péintéir agus ceoltóir Indiach a bhí i Rabindranath Tagore. Saolaíodh ar an 7 Bealtaine 1861 é agus fuair sé bás ar an 7 Lúnasa 1941).

Rabindranath Tagore
Rabindranath Tagore in 1909.jpg
Saol
Eolas breitheCalcúta, 7 Bealtaine 1861
NáisiúntachtRéimeas Briotanach
Grúpa eitneachBeangálaigh
Brahmin (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBeangáilis
BásCalcúta, 7 Lúnasa 1941
Muintir
AthairDebendranath Tagore
Céile/CéilíMrinalini Devi (en) Aistrigh  (1883 -  1902)
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma materUniversity College London
St. Xavier's Collegiate School (en) Aistrigh
TeangachaBeangáilis
an Béarla
Mic léinnLakshmiswar Sinha
Mukul Dey
Gairm
Gairmpéintéir, file, cumadóir, drámadóir, scríbhneoir aistí, fealsamh, ealaíontóir, scríbhneoir, liriceoir, cumadóir amhrán, amhránaí agus stiúrthóir scannán
Saothar iomráiteachGitanjali (en) Aistrigh
Ghare-Bhaire (en) Aistrigh
Bhanusimha Thakurer Padabali (en) Aistrigh
Valmikipratibha (en) Aistrigh
Kabuliwala (en) Aistrigh
Hungry Stones (en) Aistrigh
Nastanirh (en) Aistrigh
Noukadubi (en) Aistrigh
Chaturanga (en) Aistrigh
Jogajog (en) Aistrigh
Shesher Kabita (en) Aistrigh
The Post Office (en) Aistrigh
Raja (en) Aistrigh
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Sloinnteভানুসিংহ
Gluaiseacht ealaíneaiste
gearrscéal
úrscéal
Uirlis cheoilceol gutha
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
IMDbnm0007173
Discogs ID734450
Rabindranath Tagore Signature.svg
Tagore i Londain

Buaiteoir Duais Nobel na Litríochta a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti.[1] Ba é Tagore an chéad scríbhneoir nárbh as an Eoraip dó a bhain amach Duais Nobel.

SaolCuir in Eagar

Ar aon dul leis an bPiarsach, náisiúnaí, file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Bhunaigh Tagore scoil i Santiniketan, sa Bheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thug Yeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil an Phiarsaigh i Raghnallach a bhog ina dhiaidh sin go Ráth Fearnáin.

 
1925

Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste san oideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an "Ard-Fhírinne" mar a thug Tagore uirthi. D’áitigh Tagore gur sórt monarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh an Impireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar a chultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.

SaotharCuir in Eagar

Ba iad Gitanjali, Gora, agus Ghare-Baire na saothair ba mhó a thuill clú dó.

Bhí dráma le Tagore darbh ainm The Post Office aistrithe ag Yeats ón mBeangáilis.

TagairtíCuir in Eagar