Patrick Modiano

scríbhneoir Francach

Scríbhneoir Francach is ea Patrick Modiano (r. 1945). Do rugadh é ar an 30ú lá de mhí Iúil i mBoulogne-Billancourt, buirg atá suite in Île-de-France. Tá breis is 30 úrscéal scríofa aige agus go leor duaiseanna bronnta orthu, an Grand prix du roman de l'Académie française (1972) agus an Prix Goncourt (1978) ina measc.

Infotaula de personaPatrick Modiano

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Jean Patrick Modiano
30 Iúil 1945
78 bliana d'aois
Boulogne-Billancourt (an Fhrainc)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Henri-IV
lycée Michel-Montaigne Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir scripte, liriceoir, drámadóir, scríbhneoir, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1968 –
Ball de
SeánraÚrscéal, beathaisnéis agus litríocht do pháistí
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileDominique Zehrfuss (1970–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarie Modiano, Zina Modiano Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlbert Modiano  agus Louisa Colpeyn

Suíomh gréasáinlereseaumodiano.blogspot.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0595272 Allocine: 37652 Allmovie: p227399
Last fm: Patrick+Modiano Musicbrainz: 079cb036-cb1c-4384-9e88-934a09f35598 Discogs: 1526126 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá cosúlachtaí idir shaothar Mhodiano agus dírfhicsean - nó autofiction, mar a thugtar air i bhFraincis -, de bharr tóir na hóige caillte a bhíonn mar leitmóitíf ag Modiano. Saintréithe dá shaothair is ea inní an duine féin, atarlú agus caolchúis, agus pléann an chuid is mó dá shaothair le Páras na Forghabhála. Déanann an t-údar iarracht beatha an gnáthdhaoine a léiriú, iad siúd a bhfuil sé orthu dul i ngleic le tubaiste na staire agus a bhíonn á n-iompar ar shlí gur deacair í a thuiscint ná ciall éigin a fheiscint léi.

Patrick Modiano (r. 1945) ag preasocáid Acadaimh na Sualainne i gcathair Stócólm na Sualainne ar an 6ú lá de mhí na Nollag 2014.

Ba sa bhliain 2014 a moladh Duais Nobel na Litríochta do Mhodiano mar aitheantas ar a chuid scríbhneoireachta agus ar "bhua na cuimhne" atá aige, bua as a mbaineann sé úsáid, dar le hAcadamh na Sualainne, chun "na beathaí is díomuaine agus saol na Forghabhála a chur in iúl dúinn".[1][2] Ba é Modiano an cúigiú scríbhneoir Francach déag ar moladh Duais Nobel na Litríochta dó.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Le Francais Patrick Modiano remporte le Nobel de littératue", Le Figaro, 9ú lá de Dheireadh Fómhair 2014 - (le léamh ar líne) [i bhFraincis]
  2. "Le Nobel de littérature décerné à... Patrick Modiano", Ijsberg Magazine Curtha i gcartlann 2014-10-16 ar an Wayback Machine, 9ú lá de Dheireadh Fómhair 2014 [i bhFraincis]