Yasunari Kawabata
Úrscéalaí agus gearrscéalaí Seapánach ab ea Yasunari Kawabata (Seapáinis: 川端 康成/Kawabata Yasunari). Rugadh é ar an 14 Meitheamh 1899 in Ósaca (Seapáinis: 大阪/Ōsaka) na Seapáine. Fuair sé bás ar an 16 Aibreán 1972 i Zushi (Seapáinis: 逗子市/Zushi-shi) na Seapáine, cathair atá suite sa mhaoracht Chanagamha (Seapáinis: 神奈川県/Kanagawa-ken).
Saothar
cuir in eagarMeastar gurbh é Kawabata duine desna scríbhneoirí Seapánacha is tábhachtaí den 20ú haois. Ba iad an áille, an t-uaigneas agus an bás a phríomhthéamaí. Rinne sé cur síos liriciúil ar chúrsaí grá ag an am céanna.
Cé gur scríobh sé cuimse gearrscéalta, is dóigh gurb iad
- 雪国/Yukiguni (1935-47; Gaeilge: 'Tír sneachta'),
- 山の音/Yama no Oto (1949-54; Gaeilge: 'Foghar den tsléibhe')
- 眠れる美女/Nemereru Bijo (1961; 'Tigh na n-Ainnireacha fé Shuan') agus
- 美しさと哀しみと/Utsukushisa to kanashimi to (1964; Gaeilge: 'Áille agus Brón')
na sárshaothair is iomráití dá chuid.
Bás agus tionchar
cuir in eagarChuir Kawabata lámh ina bhás féin is cosúil ar 16 Aibreán 1972 (ionanálú gáis), in aois 72 dó.
Moladh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1968, an chéad údar Seapánach a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta. Sa Léacht Nobel uaidh, thug sé faoin bhfolús a mhíniú do lucht an Iarthair mar go raibh daoine á rá ag an am go raibh saothar Kawabata lán d’fholús.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Aonghus (2014-06-12). "Rogha Gabriel: Mantra an tSolais". Rogha Gabriel. Dáta rochtana: 2021-04-16.