Yukio Mishima
Is é Yukio Mishima (Seapáinis: 三島 由紀夫 [= Mishima Yukio]) an t-ainm cleite a bhí ag an scríbhneoir, aisteoir, náisiúnaí agus stiúrthóir scannán Seapánach Kimitake Hiraoka (Seapáinis: 平岡 公威 [= Hiraoka Kimitake]).
Do rugadh Mishima ar an 14ú lá d’Eanáir i Shinjuku, ceantar Thóiceo na Seapáine, sa bhliain 1925 agus do chuir sé lámh ina bhás féin ar an 25ú lá de Mhí na Samhna in Ichigaya, ceantar eile Thóiceo, sa bhliain 1970.
Do ghiorraigh Mishima leis féin tar éis dó ráiteas a thabhairt ó bhalcóin de chuid an fhoirgnimh a bhí mar cheannáras ag Ceannasaíocht Thoir Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine. Do bhí sé mar aidhm ag Mishima agus é ag tabhairt an ráitis sin ná baill Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine a spreagadh chun coup d’état a dhéanamh agus an t-impire a chur thar n-ais i gceannas ar an dtír. Seachas coup d’état a dhéanamh ar an tSeapáin, áfach, do dheineadar gáire agus magadh faoi Mhishima agus faoina ráiteas. Agus é léir do Mhishima nár éirigh leis coup d’état a spreagadh, d’imigh sé ón mbalcóin agus do thug sé seppuku dó féin.
Deirtear go bhfuil Mishima, scríbhneoir bisiúil a chum úrscéalta, gearrscéalta, dánta, drámaí agus leabhróg, ar dhuine desna scríbhneoirí Seapánacha is tábhachtaí dá raibh ag scríobh san 20ú haois. Is iad an chollaíocht, an bás agus an t-athrú polaitiúil príomhábhair na saothar de chuid Mhishima agus is cosúil gurb iad na húrscéalta 仮面の告白/Kamen no Kokuhaku (Gaeilge: ‘Coibhseana Cealtrach’) agus 金閣寺/Kinkaku-ji (Gaeilge: ‘Teampall an Phailliúin Órga’) na saothair is cáiliúla dár scríobh sé.
Bhí Mishima i measc na ndaoine a bhí á meá i gcomhair Dhuais Nobel na Litríochta sa bhliain 1968. Ní le Mishima a bhí duais na bliana san, áfach; do moladh do Yasunari Kawabata, scríbhneoir Seapánach eile agus cara de chuid Mhishima, í.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |