Osclóidh seo an príomhroghchlár

Gabriel García Márquez

scríbhneoir Colómach
Gabriel García Márquez, 2009

Scríbhneoir ón gColóim ba ea Gabriel García Márquez, nó Gabo, (6 Márta 192717 Aibreán 2014) agus é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Scríobh sé idir úrscéalta, ghearrscéalta, aistí agus tuairiscí agus bhain sé amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1982.

Saolaíodh ar an 6 Márta 1928 in Aracataca i gCúige Magdalena sa Cholóim é. Ach is i Meicsiceo agus san Eoraip a chaith sé cuid mhór dá shaol. Deirtear gurbh eisean ba mhó a chuir an réalachas draíochta os comhair na ngnáthléitheoirí.[1] Is é tuairim na saineolaithe gurbh iad Márquez, Jorge Luis Borges, agus Julio Cortázar an triúr údar is mó i litríocht Mheiriceá Theas sa fichiú haois.

ScríbhneoireachtCuir in Eagar

Iriseoir ba ea Gabo ar dtús agus é ag scríobh alt ar El Heraldo i mBarranquilla agus ar El Universal i gCartagena.[2] Bhí sé ina bhall de bhaicle neamhfhoirmeálta scríbhneoirí agus iriseoirí, Grúpa Barranquilla, agus thug an dream seo an-spreagadh dó mar scríbhneoir. Ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go Bogotá agus é ag obair don nuachtán laethúil El Espectador. Chaith sé sealanna ina chomhfhreagraí ar an gcoigríoch freisin, sa Róimh, i bPáras, i mBarcelona, i gCaracas, agus i Nua-Eabhrac.[3]

 
Gabriel García Márquez
Relato de un náufragoCuir in Eagar

Ba é an chéad mhórshaothar a tháinig óna pheann ná Relato de un náufrago nó "Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste". Ar dtús, foilsíodh mar shraithscéal nuachtáin é sa bhliain 1955. Fíorscéal ba ea é faoi longbhriseadh a tharla de dheasca go raibh lastas contrabhannach stuáilte go ciotach ar dheic na loinge. Long de chuid chabhlach cogaidh na Colóime a bhí inti, agus ba mhór an scannal é. Tharraing an tuairisc amhras ar an leagan oifigiúil a bhí á scaipeadh ag rialtas míleata an deachtóra Gustavo Rojas Pinilla agus áitíodh ar García Marquesz an tír a fhágáil. Foilsíodh an scéal i leabhar leis sa bhliain 1970 agus shíl go leor léitheoirí gur ficsean a bhí ann.[4].

 
Gabriel García Márquez, 1982
Úrscéal doiciméadachCuir in Eagar

Is iomaí leabhar leis ar féidir léamh an fhicsin a bhaint as chomh maith le léamh na fírinne. Mar shampla, in Crónica de una muerte anunciada ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe"), thug sé cur síos ar mhurdar áirithe a bhí i mbéal an phobail sa Cholóim agus an oiread sin scríofa faoi sna nuachtáin.[5] Cineál úrscéil dhoiciméadaigh atá ann a d'fhéadfaí a chur i gcomparáid le In Cold Blood le Truman Capote. Leabhar eile "idir eatarthu" is ea El amor en los tiempos del cólera ("An Grá i dTréimhse an Chalair") ón mbliain 1985, inar inis sé scéal grá a thuismitheoirí.[6]

Cien años de soledadCuir in Eagar

Is é an saothar is rathúla leis ná an t-úrscéal Cien años de soledad ("Céad bliain d'uaigneas"), atá suite i sráidbhaile beag ficseanúil, Macondo, i bhforaois fearthainne na Colóime. Tugann an leabhar cur síos ar ghlúinte mhuintir Buendía i Macondo ó bhunú na háite amach, agus an tionchar a imríonn stair chorrach na Colóime ar shaol na hiargúltachta i bhfad ó phríomhchathair na tíre.[7]

Seanóir Cuir in Eagar

Sa bhliain 1999 dúradh le García Márquez go raibh ailse limfeach air. Spreag an drochscéala é chun a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos, agus tháinig an chéad imleabhar, Vivir para contarla ("Saol le hinsint") i gcló sa bhliain 2002.

Sa bhliain 2004, arís, d'fhoilsigh García Márquez leabhar nua, Memoria de mis putas tristes ("Cuimhne ar mo striapacha brónacha").

Fuair García Márquez bás den niúmóine i gcathair Meicsiceo ar an 17 Aibreán 2014.

 
Rue Cujas, Páras

Réalachas agus réalachas draíochtaCuir in Eagar

Tá tábhacht leis an réalachas i saothar uile an údair. Ag cur síos dó ar na chéad leabhair aige, dúirt sé gur fhág fírinne an tsaoil sa Cholóim a rian ar El coronel no tiene quien le escribe, La mala hora agus Los funerales de la Mamá Grande (cé nárbh ionann cás do La hojarasca) agus gurb é sin ba chúis le struchtúr na leabhar. Dúirt sé nárbh oth leis iad a scríobh ach gur bhain siad le cineál litríochta réamhbheartaithe a raibh a dhearcadh ar an réaltacht ró-stalctha agus ró-theoranta.[8].

I saothair eile bhain sé triail as an réaltacht a láimhseáil ar shlite nach raibh chomh traidisiúnta sin, i dtreo go gcuirtear síos ar imeachtaí an-uafásacha nó an-neamhchoitianta ar bhealach neamhchúiseach.[9] Is minic a luaitear an phearsa in Cién años de soledad a dtéann a corp agus a hanam chun na bhflaitheas agus í ag crochadh cultacha. Tugadh “réalachas draíochta” ar an stíl seo.[10] Deir an criticeoir Michael Bell go bhfuil aigne inti atá in ann cónaí sa ghnáthshaol go neamh-mhaoithneach agus a fháiltíonn roimh réimsí a mbrúnn an cultúr comhaimseartha i leataobh iad de réir a loighice féin.[11] Mhaígh García Márquez féin gur dheacair do léitheoirí Eorpacha an réaltacht atá ceilte ag an draíocht a aithint.[12]

 
Síniú García Márquez

Saothar as SpáinnisCuir in Eagar

  • La hojarasca, 1954.
  • Relato de un náufrago, 1955. ("Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste" mar shraithscéal ar an nuachtán)
  • Un día después del sábado, 1955 ("Lá i ndiaidh an tSathairn")
  • El coronel no tiene quien le escriba, 1961. ("Níl duine ar bith ag an gCoirnéal a scríobhfadh litir chuige")
  • Los funerales de la Mamá Grande, 1962. ("Sochraid na Máthar Móire")
  • La mala hora, 1962. ("An Drochuair")
  • Cien años de soledad, 1967. ("Céad Bliain d'Uaigneas")
  • Monólogo de Isabel viendo llover en Macondo, 1968. ("Comhrá aonair Isabel agus í ag breathnú ar an mbáisteach in Macondo")
  • Relato de un náufrago, 1970. ("Scéal an mhairnéalaigh longbhriste" faoi chlúdach leabhair)
  • La increíble y triste historia de la cándida Eréndira y de su abuela desalmada, 1972. ("Scéal brónach dochreidte Eréndira macánta agus a máthar móire cruálaí")
  • Cuando era feliz e indocumentado, 1973. ("Nuair a bhí mé sona agus gan cháipéisí")
  • Chile, el golpe y los gringos, 1974. ("An tSile, an forghabháil chumhachta agus na Poncáin")
  • Ojos de perro azul, 1974. ("Súile an mhadra ghoirm")
  • El otoño del patriarca, 1975. ("Fómhar an Bhoic Mhóir")
  • Todos los cuentos (1947-1972), 1976. ("Na gearrscéalta go léir")
  • Crónica de una muerte anunciada, 1981. ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe")
  • Textos costeños, 1981. ("Téacsaí ón gcósta")
  • Viva Sandino, 1982. ("Go maire Sandino")
  • El olor de la guayaba, 1982. ("Boladh na guábha")
  • El secuestro, 1982. ("An Fuadach")
  • El asalto: el operativo con el que el FSLN se lanzó al mundo, 1983.
  • Erendira, 1983.
  • Diatriba de amor contra un hombre sentado, 1994
  • El amor en los tiempos del cólera, 1985 ("Scéal grá ó laethanta an chalair")
  • Las Aventuras de Miguel Littín Clandestino en Chile, 1986 ("Eachtraí Miguel Littín faoi rún sa tSile")
  • El general en su laberinto, 1989. ("An Ginearál ina Chathair Ghríobháin")
  • Doce cuentos peregrinos, 1992. ("Dhá scéal oilithreachta déag")
  • Del amor y otros demonios, 1994. ("Scéalta faoin ngrá agus faoi dheamhain eile")
  • Noticia de un secuestro, 1996. ("Scéala duine fhuadaithe")
  • Obra periodística 1: Textos costeños (1948-1952) ("Téacsaí ón gcósta", an chéad imleabhar de bhailiúchán shaothair iriseoireachta an scríbhneora)
  • Obra periodística 2: Entre cachacos (1954-1955) ("Idir gaigí")
  • Obra periodística 3: De Europa y América (1955-1960) ("Ón Eoraip agus ó Mheiriceá")
  • Obra periodística 4: Por la libre (1974-1995) ("Ar a son siúd atá saor")
  • Obra periodística 5: Notas de prensa (1980-1984) ("Scéalta nuachtáin")
  • Vivir para contarla, 2002.
  • Memoria de mis putas tristes, 2004.


TagairtíCuir in Eagar

  1. "An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘réalachas draíochta’?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-17.
  2. Bell, Michael (1993), Gabriel García Márquez: Solitude and Solidarity, Hampshire: Macmillan, ISBN 0-333-53765-3, lch 6
  3. Pelayo, Ruben (2001), Gabriel García Márquez: A Critical Companion, Westport: Greenwood Press, ISBN 0-313-31260-5, lch 6
  4. McMurray, George R. (1987), Critical Essays on Gabriel García , Boston: G.K. Hall & Co., ISBN 0-8161-8834-3, lch 6
  5. Pelayo (2001), lch 111
  6. Bell-Villada, Gene H. (1990), Márquez: The Man and His Work, North Carolina: University of North Carolina Press, ISBN 0-8078-1875-5, lch 157
  7. Pelayo (2001), lch 97
  8. Apuleyo Mendoza, Plinio; García Márquez, Gabriel (1983), The Fragrance of Guava, London: Verso, ISBN 0-86091-765-7, lch 56
  9. McMurray (1987), lch 18
  10. Maurya, Vibha (January 1983), "Gabriel García Márquez", Social Scientist, 11 (1): 53–58, doi:10.2307/3516870, ISSN 0970-0293, lch 57
  11. Bell (1993), lch 49
  12. Apuleyo Mendoza & García Márquez (1983), lch 35