Foraois bháistí
Saghas fásra a fhaightear, i réigiúin mheánchiorclacha fhliucha agus réigiúin eile, is ea foraois bháistí, le comhdhlúthú ard, cosúil leis an Nua-Shéalainn is na sléibhte ar chósta thiar thuaidh na Stát Aontaithe.
Tá ilghnéitheacht iontach plandaí is saghsanna ainmhithe sna foraoisí báistí trópaiceacha, ciseal iata ceannbhrait nach ligeann mórán solais isteach ar urlár na foraoise, agus timthriallú tapa cothaitheach taobh istigh den fhoraois.
D'ainneoin fás uaibhreach na bhforaoisí seo, nuair a ghearrtar síos iad bíonn an ithir sách neamhthorthúil mar go bhfuil an chuid is mó de na cothaithigh sa bhfásra, agus scuabtar an ithir chun siúil go gasta. Bíonn luach ard tráchtálach ar chuid mhaith de na crainn (mar shampla, an téac is an mahagaine) agus tá fairsingí ollmhóra á nglanadh amach.
Tá dífhoraoisiú á dhéanamh freisin chun limistéir nua talmhaíochta a chruthú i gcomhair rainséireacht beithíoch is mianadóireachta. Measann Eagraíocht Bia is Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe go bhfuil 100,000 km2 ar a laghad á nglanadh in aghaidh na bliana.
Is cúis mhór imní an ráta ollmhór glanta seo do lucht caomhnaithe an chomhshaoil, de bharr cailliúint na bithéagsúlachta agus iarmhairtí bunúsacha na bhforaoisí báistí ar chórais aeráide an Domhain.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Foraoisí báistí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |