Pearl S. Buck
Scríbhneoir agus úrscéalaí Meiriceánach ab ea Pearl Sydenstricker Buck (1892 – 1973), nó Sai Zhenhu (Sínis: 賽珍珠; pinyin: Sài Zhēnhū) de réir a hainm Síneach. Do rugadh í ar an 26ú lá de Mheitheamh i Hillsboro, baile atá suite i Virginia Thiar na Stáit Aontaithe, agus do fuair sí bás ar an 6ú lá de Mhárta i nDanby, baile atá suite i Vermont na Stáit Aontaithe.
Do bhíodar tuismitheoirí Pearl Buck ina misinéirí agus dá bharr san chaith sí an chuid is mó dá saol roimh 1934 sa tSín. Is é an t-úrscéal The Good Earth (Gaeilge: 'An Talamh Mhaith'), úrscéal a bronnadh Duais Pulitzer air sa bhliain 1932, a sárshaothar. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta uirthi sa bhliain 1938. Tar éis filleadh ar na Stáit Aontaithe di, do lean sí ar aghaidh lena cuid scríbhneoireachta agus d'oibrigh sí go crua ar shon ceart na mban agus ceart na mionlach.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |