Harry Martinson
Scríbhneoir agus file Sualannach ab ea Harry Martinson (6 Meitheamh1904 – 11 Feabhra 1978). Rugadh é ar an 6ú lá de Bhealtaine i mBlekinge na Sualainne agus fuair sé bás ar an 11ú lá d'Fheabhra i Stócólm na Sualainne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (sv) Harry Edmund Martinson 6 Bealtaine 1904 Paróiste Jämshög, An tSualainn |
Bás | 11 Feabhra 1978 73 bliana d'aois Stócólm, An tSualainn |
Siocair bháis | Seppuku (en) (Easfhuiliú) |
Áit adhlactha | Silverdals cemetery (en) , Kvarter: B Gravplats: 088 59° 24′ 20″ N, 17° 58′ 15″ E / 59.40567°N,17.97095°E |
9 Suíochán 15 d’Acadamh na Sualainne | |
20 Nollaig 1949 – 11 Feabhra 1978 (bás) ← Elin Wägner – Kerstin Ekman → | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Drámaíocht, litríocht agus filíocht |
Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, file, scríbhneoir ficsean eolaíochta |
Tréimhse oibre | 1927 – |
Ball de | |
Teangacha | An tSualainnis |
Teaghlach | |
Céile | Moa Martinson |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Suíomh gréasáin | harrymartinson.org |
Bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air agus ar an scríbhneoir Eyvind Johnson araon sa bhliain 1974. Ábhar conspóide ab ea an bronnadh sin, toisc go raibh Martinson agus Johnson ina mbaill den Acadamh Sualannach, an t-acadamh a bhronnann na duaiseanna seo, agus toisc go raibh Saul Bellow, Graham Greene, Vladimir Nabokov agus Jorge Luis Borges ina n-iarrthóirí don duais an bhliain sin.
Saol
cuir in eagarNí raibh Harry ach ina bhrín óg nuair a chaill sé a thuismitheoirí. Ar dtús fuair a athair Martin Olofsson bás le heitinn, agus maidir lena mháthair chuaigh sise ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, Stát Oregon, an bhliain a bhí chugainn. Chuir sí fúithi i bPortland; fágadh Harry ar an bparóiste agus rinneadh mac altrama de. Fuair sé scolaíocht sé bliana i scoil náisiúnta (folkskola) agus chaith sé seal i ndilleachtlann in Göteborg agus i scoil mhairneálachais do bhuachaillí óga, Skeppsgossekåren, in Karlskrona. I ndiaidh bhlianta na scoile chuaigh sé ag obair i monarcha i Jonsered. Nuair a shlánaigh sé sé bliana déag, chuaigh sé sna soithí agus thug sé cuairt ar a lán áiteanna strainséartha ina mhairnéalach dó, an India agus an Bhrasaíl mar shampla. Thosaigh na scamhóga ag luí air, áfach, agus b'éigean dó ceird na mara a thréigean sa bhliain 1927. Ina fhear mara dó agus ina dhiaidh sin bhíodh sé uaireanta ag dul timpeall ar an tramp, rud a d'fhág a shliocht ar a chuid scríbhneoireachta. I dtús na dtríochaidí, d'fhoilsigh sé aiste faoin teideal Världsnomaden ("Fear Siúlta an Domhain"), inar chardáil sé meon agus meanma an tsiúlóra agus an tseabhac siúil. Bhí dearcadh seo an fhánaí le mothú ar a lán dár scríobh sé.
Nuair a bhí Harry ina mhairnéalach dífhostaithe agus ina bhodach bóthair, casadh an scríbhneoir mná Moa Martinson air, agus phós siad sa bhliain 1929. Ní raibh siad ag réiteach go maith le chéile an chuid ba mhó den am, ach mar sin féin thug siad inspioráid dá chéile mar scríbhneoirí. Bhí cónaí orthu i mbothán Moa i Sorunda, Nynäshamn, ach ba dhual do Harry an áit a fhágáil ó am go ham le dul ar an tramp. Sa bhliain 1939 bhí an pósadh tite as a chéile, agus sa bhliain 1941 fuair siad colscaradh.
Throid Harry Martinson ina óglach i gCogadh Geimhridh na Fionlainne. Sa bhliain 1942 phós sé arís.
Sa bhliain 1974, nuair a bronnadh Duais Nobel sa litríocht ar Mhartinson agus ar Eyvind Johnson, dúirt Karl Ragnar Gierow, drámadóir agus ball den Acadamh a bhronn an duais, gur mar scríbhneoirí lucht oibre a bhí an bheirt acu á n-onórú. Bhí meas ag na sluaite móra léitheoirí ar an gcineál saothair a bhí na duaiseoirí a scríobh, ach san am chéanna chuir a lán nuachtánaithe in iúl nach raibh siad sásta leis an dóigh a bhfuair beirt bhall den Acadamh an gradam seo óna nAcadamh féin. D'fhág an chriticeoireacht seo Martinson in ísle meanman, agus sa bhliain 1978 chuir sé lámh ina bhás féin.
Tá Harry Martinson adhlactha i reilig Silverdal i Sollentuna.
Saothar
cuir in eagar- Sanningssökare ("Duine a chuaigh ar lorg na fírinne"), an chéad dán leis an bhfile a chuaigh i gcló, 1927
- Roinnt dánta a foilsíodh sna chéad bhlianta eile i nuachtáin éagsúla de chuid an lucht oibre
- Spökskepp ("Long Sí"), an chéad díolaim dánta, 1929
- Nomad ("An Fánaí"), briseadh mór an fhile, 1931
- Resor utan mål ("Turais gan cheann scríbe"), scéalta taistil, 1932
- Kap Farväl! ("Rinn 'Slán leat!'"), scéalta taistil, 1933
- Natur ("Dúlra"), dánta, 1934
- Nässlorna blomma ("Tá na Neantóga faoi Bhláth"), dírbheathaisnéis, 1935
- Vägen ut ("An Bealach Amach"), dírbheathaisnéis, 1936
- Verklighet till döds ("Réadúlacht go hÉag"), cuimhní cinn ó Chogadh an Gheimhridh, 1940
- Vägen till Klockrike ("An Bealach go Ríocht na gClog"), úrscéal, 1948
- Aniara, dán eipiceach faoi spásbhád, 1956
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |