Alfred Nobel

ceimiceoir, nuálaí, agus armadóir Sualannach (1833–1896)

Ceimiceoir, innealtóir, Sualannach agus an té a chéadcheap dinimít, ab ea Alfred Bernhard Nobel (21 Deireadh Fómhair 1833, Stócólm, an tSualainn - 10 Mí na Nollag 1896, San Remo, an Iodáil).

Alfred Nobel
AlfredNobel2.jpg
Saol
Ainm iomlánAlfred Bernhard Nobel
Eolas breitheJakob and Johannes parish (en) Aistrigh agus Stócólm, 21 Deireadh Fómhair 1833
NáisiúntachtAn tSualainn
Teanga dhúchaisAn tSualainnis
BásSanremo, 10 Nollaig 1896
Áit adhlacthaNorra begravningsplatsen (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (rith fola ceirbreach)
Muintir
AthairImmanuel Nobel
MáthairKarolina Andriette Ahlsell
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
TreibhNobel (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn tSualainnis
an Fhraincis
An Rúisis
an Béarla
An Ghearmáinis
An Iodáilis
MúinteoiríThéophile-Jules Pelouze
Gairm
Gairmceimiceoir, tionsclaí, daonchara, grianghrafadóir, weapons manufacturer (en) Aistrigh agus innealtóir
Áit oibreAn tSualainn agus Iodáil
Saothar iomráiteachDuais Nobel
dinimít
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas
Alfred Nobel Signature.svg

AireagáinCuir in Eagar

Nuair a rinne an ceimicí Iodálach Ascanio Sobrero den chéad uair nítriglicrín i 1846, ceapadh go raibh sé inláimhsithe go sábháilte ar éigin. Ach thaispeáin Alfred Nobel i 1867 conas a láimhseáil a dhéanamh níos sábháilte le ceimiceáin mhaolaithe a mheascadh leis, agus mar thoradh, d'éirigh an nítriglicrín an-choitianta[1]. Ansin d'fhionn sé foirm shábháilte inláimhsithe de nítriglicrín, a dtugtar dinimít uirthi.

Níos déanaí d'fhionn Nobel púdar gunna gan deatach, agus i 1875, geilignít.

Ainmníodh an dúil shintéiseach úd nóbailiam dó.

Na Duaiseanna NobelCuir in Eagar

Bhronn Nobel suim ollmhór airgid chun duaiseanna bliantúla a mhaoiniú. Ar an 10 Nollaig 1901, bronnadh Duaiseanna Nobel den chéad uair (an fhisic, an cheimic, an fhiseolaíocht / míochaine, an litríocht, agus an síocháin[2]).

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. Bhunaigh Banc Náisiúnta na Sualainne duais eile san eacnamaíocht i 1969 a dtugtar "Duais Nobel" air.