Władysław Reymont
úrscéalaí Polannach (1867-1925)
Scríbhneoir Polannach ab ea Władysław Stanisław Reymont (1867 – 1925), nó Stanisław Władysław Rejment mar atá a ainm scríte ar a theastas breithe. Do rugadh é ar an 7ú lá de Bhealtaine i Kobiele Wielkie, sráidbhaile atá suite sa Phowiat (Radomszczański, An Pholainn. Fuair sé bás ar an 5ú lá de mhí na Nollag i gcathair Vársá na Polainne. Do bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Młoda Polska (Gaeilge: 'Polainn Óg'). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1924 mar aitheantas ar a shárshaothar Chłopi (Gaeilge: 'Na Tuathánaigh') , úrscéal a foilsíodh i gceithre imleabhar idir 1904 agus 1909.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |