Pablo Neruda

File na Sile

Scríbhneoir agus file Sileach ab ea Ricardo Eliécer Neftalí Reyes Basoalto (1904 - 1973), nó Pablo Neruda mar is fearr aithne air. Rugadh é ar an 12 Iúil 1904 i gcathair Parral na Sile agus fuair sé bás ar an 23 Meán Fómhair 1973 i gcathair Santiago na Sile, faoi chúinsí amhrasacha.

Pablo Neruda (1904 - 1973)

Meastar gurb eisean duine desna filibh Sileacha is tábhachtaí, ar aon chéim le Gabriela Mistral, Pablo de Rokha agus Vicente Huidobro. De réir an scríbhneoir Gabriel García Márquez áfach, ba é Neruda "an file ba mhó den 20ú haois a scríobh in aon teanga."[1]

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Neruda sa bhliain 1971.

Chomh maith leis an bhfilíocht, bhí Neruda ina thaidhleoir - do chaith sé tréimhse mar ambasadóir na Sile chun na Fraince - agus ina pholaiteoir, ar an eite chlé.

Yo acuso - Pablo Neruda, 1948

Bás agus conspóidCuir in Eagar

D'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende ar 11 Meán Fómhair 1973. Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus cailleadh Neruda cúpla lá níos déanaí.

Rinne na húdaráis an corp a dhí-adhlacadh i 2013. Tá an mhistéir gan fuascailt go fóill, is cosúil.

TagairtíCuir in Eagar