Rubén Darío
Bhí Félix Rubén García Sarmiento (18 Eanáir, 1867 - 6 Feabhra, 1916), ar a dtugtar Rubén Darío ina fhile Nicearaguach. a chuir tús leis an ghluaiseacht liteartha Mheiriceá-Spáinnigh ar a dtugtar modernismo (Gaeilge:nua-aoiseachas) a tháinig chun cinn ag deireadh an 19ú haois. Bhí tionchar mór buan ag Darío ar litríocht agus iriseoireacht Spáinneach an 20ú haois. Bhí sé le moladh mar "El príncipe de las letras castellanas” (Gaeilge: Prionsa na litríochta Caistílí) agus an t-athair gan cheistiú ar ghluaiseacht litearthachta El modernismo. [1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (es) Félix Rubén García Sarmiento 18 Eanáir 1867 Ciudad Darío, Nicearagua |
Bás | 6 Feabhra 1916 49 bliana d'aois León, Nicearagua |
Siocair bháis | Ciorróis |
Áit adhlactha | León Cathedral (en) |
Consal | |
Faisnéis phearsanta | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, tuairisceoir, scríbhneoir, taidhleoir, iriseoir, dírbheathaisnéisí |
Ainm cleite | El Príncipe de las Letras Castellanas El Padre del Modernismo |
Teangacha | An Spáinnis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Rafaela Contreras (1890–1893), bás a c(h)éile Rosario Murillo (1893–) Francisca Sánchez del Pozo (1899–1916), bás an duine |
Saol
cuir in eagarPhós a thuismitheoirí, Manuel García agus Rosa Sarmiento an 26 Aibreán, 1866, i León, Nicearagua, tar éis dóibh na ceadanna eaglasta riachtanacha a fháil, ó bhí siad ina gcol ceathracha dara céim. Spreag drochiompar Manuel, áfach, maidir le hól iomarcach alcóil, Rosa chun a theach pósta a thréigean agus teitheadh go cathair Metapa (Ciudad Darío an lae inniu) i Matagalpa áit ar rugadh Félix Rubén. Rinne an lánúin athmhuintearas lena chéile agus fiú amháin saoiaíodh an dara leanbh do Rosa, iníon darb ainm Cándida Rosa, a d’éag cúpla lá tar éis a breithe. Tháinig meath ar an bpósadh arís go dtí an pointe inar fhág Rosa a fear céile agus bhog sí isteach lena haintín, Bernarda Sarmiento. Tar éis tréimhse ghairid ama, bhunaigh Rosa Sarmiento caidreamh le fear eile agus bhog sí leis go San Marcos de Colón, i Choluteca, Hondúras .
Rugadh Rubén Darío i Metapa, Matagalpa, Nicearagua. Cé, de réir a bhaisteadh, gurbh é García fíor sloinne Rubén, bhí aithne ag an sloinne Darío ar theaghlach a athar le blianta fada. Mhínigh Rubén Darío é mar a leanas ina dhírbheathaisnéis:
De réir an méid a thagair cuid de na seandaoine sa bhaile sin, de chuid mo óige, bhí Darío mar leasainm nó mar chéadainm ar mo shin-seanathair. Sa bhaile beag seo bhí aithne ag gach duine air mar "Don Darío" agus a theaghlach ar fad mar na Daríos. Is ar an mbealach seo a thosaigh a ainm deireanach agus a theaghlach go léir ag imeacht go dtí an pointe inar chuir mo shinn-seanmháthair an leagan Rita Darío ina áit nuair a shínigh sí cáipéisí; ag éirí ina ainm athartha agus ag fáil stádas dlíthiúil agus bailíocht dhlíthiúil ó rinne m’athair, a bhí ina cheannaí, a ghnóthaí go léir mar Manuel Darío.. . [2]
Chaith Darío a óige i gcathair León Nicearagua. Thóg aintín agus uncail a mháthar é, Félix agus Bernarda, a mheas Darío, agus é ina naíonán, mar a fhíor- thuismitheoirí. (Tuairiscíodh, le linn a chéad bhlianta ar scoil, gur shínigh sé a thascanna ranga mar Félix Rubén Ramírez.) Is annamh a labhair sé lena mháthair, a bhí ina cónaí i Hondúras, nó lena athair, ar thagair sé "Uncail Manuel" dó. Cé nach bhfuil mórán ar eolas faoi a chéad bhlianta, tá neart fianaise ann, tar éis bhás Félix Ramírez, in 1871, go ndeachaigh an teaghlach trí aimsir gharbh eacnamaíochta agus mheas siad ar Rubén óg a sheoladh mar phrintíseach táilliúra. De réir a bheathaisnéisí Edelberto Torres, d’fhreastail sé ar roinnt scoileanna i León sula ndeachaigh sé ar aghaidh, le linn 1879 agus 1880, chun oideachas a fháil ó na hÍosánaigh.
Tagairt
cuir in eagar- ↑ "It was in the late 1880s that the celebrated Nicaraguan poet Rubén Darío (1867–1916) first published the term modernism (or modernismo in Spanish). The earliest known appearance in print worldwide of this term was in 1888 in Darío's essay "La literatura en Centroámerica" (Revista de arte y cultural, Santiago, Chile)
- ↑ Rubén Darío, Autobiografía. Oro de Mallorca. Introducción de Antonio Piedra. Madrid: Mondadori, 1990 (ISBN 84-397-1711-3); p. 3