Art Ó Néill

cruitire Éireannach (c.1734–1816)

Cláirseoir dall ba ea Art Ó Néill (c.1734–1816) a d’fhág cuimhní cinn ina dhiaidh atá lán d’eolas ar shaol a leithéidí in Éirinn.[1] Bhí sé geal leis an mbailitheoir mór ceoil Edward Bunting agus thug neart faisnéise teicniúla dó faoi sheinm na seanchláirsí.

Infotaula de personaArt Ó Néill
Beathaisnéis
Breithc. 1734
Bás29 Deireadh Fómhair 1816
81/82 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcláirseoir Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Chaill Ó Néill radharc a shúl de bharr timpiste in aois a dhá bhliain. Níos déanaí d’fhoghlaim sé an chláirseoireacht ó Eoghan Ó Cianáin as Eochair i gContae Thír Eoghain, agus thosaigh sé ag taisteal agus ag seinm mar chláirseoir gairmiúil in aois a chúig bliana déag. Shiúil sé cuid mhaith den tír ach b’ansa leis deisceart Uladh ná aon cheantar eile.

Bhí sé bródúil toisc gur de shliocht mhuintir Néill é: caitheadh sé cnaipí airgid agus círín Uí Néill orthu, agus ba dhóigh leis gur ar chomhchéim lena gcuid pátrún a bhí sé. Ba bhreá an chuideachta é agus bhí sé go maith chun cártaí agus táiplis mhór a imirt.

Bhí sé ina teagascóir cónaithe ag an Belfast Harp Society idir na blianta 1808 agus 1813, agus chothaigh an cumann go dtí lá a bháis é.

Cúrsaí ceoil cuir in eagar

Ba cheoltóir maith Ó Néill agus bhí neart fonn ar eolas aige. Sa bhliain 1760, a dúirt sé, shiúil sé sráideanna Luimnigh, é ag seinm ar chláirseach de chuid an 14ú haois a luaití le Brian Borumha agus slua á leanúint.

Sheinn sé ar an gcláirseach ag féile na gcláirseoirí i mBéal Feirste sa bhliain 1792 agus d’éirigh sé an-mhór le Edward Bunting. Bhí sé féin agus Donnchadh Ó hAmhsaigh ar na cláirseoirí ba mhó a thug eolas do Bunting ar chúrsaí cláirseoireachta, agus ar chomhairle Bunting chum sé a chuimhní cinn, saothar a thugann an-léargas ar shaol chláirseoirí a linne.

Tagairtí cuir in eagar

  • Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4

Féach freisin cuir in eagar