Arthur Guinness

Fiontraí, grúdaire agus daonchara Éireannach ab ea Arthur Guinness (timpeall 28 Meán Fómhar 172523 Eanáir 1803) (Gaeilge: Art Mac Aonasa). Bhunaigh sé an comhlacht grúdaireachta Guinness sna 1700idí.

Arthur Guinness
Arthur Guinness.jpg
Saol
Eolas breitheCill Droichid, 1725
NáisiúntachtÉire
BásBaile Átha Cliath, 23 Eanáir 1803
Áit adhlacthaUachtar Aird
Muintir
AthairRichard Guinness
MáthairElizabeth Read
Céile/CéilíOlivia Whitmore (en) Aistrigh  (Bealtaine 29, 1761 -  1803)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmfiontraí agus daonchara

I 1752, agus é 27, thiomnaigh athair baistí Guinness, Arthur Price (agus Ardeaspag Eaglais na hÉireann), £100 do Arthur Guinness ina uacht bháis.

ina chónaí ar Shráid Thomáis

Bhunaigh Arthur grúdlann i 1755 i Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara, díreach 17km ó Bhaile Átha Cliath. Ansin cheannaigh sé léas eile ar shuíomh in aice láimhe, ó George Bryan ("ó Philadelphia").

I 1759, chuaigh Guinness chuig Baile Átha Cliath. Thóg Arthur léas 9,000 bliain ar an ngrúdlann 4-ácra a bí ann ó na 1600idí ag Geata Naomh Séamuis ó shliocht Sir Mark Rainsford ar chíos bliantúil £45.[1]

CúlraCuir in Eagar

Níl mórán ar eolas againn faoin áit agus dáta breithe Guinness. Roghnaigh an comhlacht Guinness sa bhliain 1991, an dáta, 28 Meán Fómhair 1725 mar lá breithe Arthur.[2]

I 1761, phós sé Olivia Whitmore i Séipéal Naomh Máire, Baile Átha Cliath

Tá sé scríofa ar a leac uaighe in Uachtar Árd, Contae Chill Dara, gur éag sé ar an 23 Eanáir 1803, agus in aois 78 bliain dó.

LeabhairCuir in Eagar

  • Guiness, Patrick (2007). Arthur's Round: The Life and Times of Brewing Legend Arthur Guinness. Peter Owens Publishers, Londain.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Mark Rainsford" (as en) (2020-12-14). Wikipedia. 
  2. Eoghan Ó Néill (3 Deireadh Fómhair, 2012). "Nach Sinne na hAmadáin! - Gaelscéal". Dáta rochtana: 2021.