Astana
Is í Astana príomhchathair na Casacstáine. Cathair nua is ea í, nó ní dhearnadh príomhchathair di ach sa bhliain 1997. B'í Almaty, cathair mhór atá suite in oirthuaisceart na tíre, a bhí ina príomhchathair ar an tír go nuige sin.
Astana | |||||
---|---|---|---|---|---|
Астана (kk) | |||||
Ainmnithe in ómós | príomhchathair | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Chasacstáin | ||||
Iamhchríoch laistigh de | Akmola Region (en) | ||||
Príomhchathair de | an Chasacstáin (1997–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,078,362 (2019) | ||||
• Dlús | 1,352.47 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Chasaicis an Rúisis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 797.33 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Ishim | ||||
Airde | 347 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Bunaitheoir(í) | Fyodor Shubin | ||||
Cruthú | 1830 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Zhenis Kassymbek (2022–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 010015 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 7172 | ||||
Cód ISO 3166-2 | KZ-71 agus KZ-AST | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.kz… |
Ainm
cuir in eagarAqmola a bhí ar an áit sular aistríodh feidhmeanna na príomhchathrach ansin, ainm a chiallaíonn "An Tuama Bán" i dteanga oifigiúil na Casacstáine, an Chasaicis. Ainmneacha eile a bhí ar Nur-Sultan sna laethanta a bhí is ea iad Akmolinsk (leagan d'Aqmola atá curtha in oiriúint do nósanna logainmníochta na Rúisise) agus Tselinograd. Tá an dara hainm bunaithe ar an bhfocal Rúisise úd tselina, a chiallaíonn "branar", "talamh nua-threafa", "talamh atá á thabhairt chun míntíreachais". Níl san ainm "Astana", an t-ainm a bhí ar an gcathair le blianta beaga anuas, ach focal Casaicise a chiallaíonn "príomhchathair", agus tugadh an t-ainm seo ar an áit toisc go bhfuil sé furasta le fuaimniú ag na strainséirí féin. Athraíodh "Astana" go "Nur-Sultan" i mí na Márta, 2019, agus ar ais go "Astana" sa bhliain 2022.
Is síol faoi thíreolaíocht na na Casacstáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |