Ba í Atéiné Prómachós (as Sean-Ghréigis: Ἀθηνᾶ Πρόμαχος, 'Atéiné a throideann sa líne thosach') dealbh chré-umha ollmhór de dhealbhú Faidhdias. Bhí sí ina seasamh idir an Propúladha agus an Partanón ar Acrapail na hAithne. Go hard os coinn na cathrach, bhí an dealbh in áit an-fheicéalach i mbun na spéire. Thug na hAithinigh meas dhia caomhnaithe ar Atéiné, an bhandia as ar ainmnítear an chathair féin.

An dealbh chré-umha Atéiné Prómachós ar an Acrapail, agus a sleá mhór ina lámh.

Aistríodh í go Cathair Chonstaintín le haghaidh a sábháilteacht sa bhliain 465 RĊ. Faraor, creidtear gur scrios slua cathróirí meisce í sa bhliain 1203 RĊ.

Tá átairgeadh di sa 'Phartanón' i Nashville atá i Tennessee.