San anatamaíocht, is é an tAtlas (C1) an chéad veirteabra den cholún, atá ainmnithe as an Dia 'Atlas', sa mhiotaseolaíocht Ghréagach, mar gur iompar sé an chruinneog ar a cheann

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAtlas (anatamaíocht)
Sonraí
Laidinatlas
Cuid decervical vertebra (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD001270
TAA02.2.02.101
FMA12519 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.99
Téarmaíocht anatamaíoch


Radharc os cionn an atlais ó Gray's Anatomy

Iompraíonn an t-atlas blaosc an chinn, agus tá an 'Ais'(C2), (veirteabra eile) díreach faoina bhun.

Is é atá san atlas ná fainne cnáimhe agus cuasa speisialta ann; bíonn blaosc an chinn ina luí ar na cuasa sin. Nuair a chlaonann duine a cheann, is ag an alt sin, idir an atlas agus an bhlaosc, a tharlaíonn an ghluaiseacht. Nuair a chastar an cheann ar dheis nó ar chlé, is ag an dara veirteabra (an ais) a tharlaíonn an rothlú.