Uluru
Gné fhisiciúil shuntasach é Uluru, nó Ayers Rock, foirmíocht charraige gainneamhchloiche, lonnaithe i lár na hAstráile (sa chuid theas den Críoch an Tuaiscirt). Thug muintir na háite “Uluru” ar an gcarraig seo, agus is ainmfhocal dílis é gan aon bhrí faoi leith sa teang Pitjantjatjara.[1]
(en) Uluru | ||||
Cineál | Inselberg (en) | |||
---|---|---|---|---|
Lonnaithe i limistéar cosanta | Uluṟu-Kata Tjuṯa National Park (en) | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Críoch an Tuaiscirt, Astráil | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 900 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 112 m | |||
Déanta as | arcós | |||
Stair | ||||
Tréimhsí stairiúla | an Ré Neoprótarasóch | |||
Suíomh gréasáin | environment.gov.au… | |||
Geolaíocht
cuir in eagarIs foirmiú gaineamhchloiche é atá 358 m ar airde; ag ardú go 863 m os cionn leibhéal na farraige. Tá an chuid is mó dá mhais faoin talamh. Tá imlíne 9.4 ciliméadar aige.
Mar gheall ar an struchtúr geolaíochta, níor tharla creimeadh ar an gcarraig seo mar a tharla le foirmíochtaí eile sa cheantar céanna.[1]
Cultúr
cuir in eagarTá tábhacht mhór chultúrtha ag Uluru, agus ag Kata Tjuta in aice láimhe, d’áitritheoirí dúchasacha an cheantair, muintir Anangu.
Thug an taiscéalaí, William Gosse, Ayers Rock ar an gcarraig in 1873. Ó shin i leith, tá an dá ainm, Uluru nó Ayers Rock, in úsáid. Oibríonn muintir Anangu mar threoraithe áitiúla turasóireachta - treoraíonn siad turais siúlóide agus tugann siad eolas faoin nádúr atá le fáil timpeall Uluru.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 COGG. "An Astráil". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]