B. Traven

scríbhneoir Gearmánach

Scríbhneoir Gearmánach a bhí in B. Traven (Feabhra, 1882? – 26 Márta, 1969?) nach bhfuil a fhios againn mórán ina leith. Scríobh sé sraith úrscéalta eachtránaíochta faoi Mheicsiceo, áit ar shocraigh sé síos i ndiaidh dó an Eoraip a fhágáil ina dhiaidh. Creidtear gurbh ionann eisean agus an t-ealaíontóir agus an t-ainrialaí Ret Marut, a chuaigh ar imirce ón Eoraip timpeall ar an mbliain 1924. Dealraíonn sé gurbh é Otto Feige a fhíorainm agus gur rugadh i Schwiebus, cúige Bhrandenburg (inniu: Świebodzin sa Pholainn) é sa bhliain 1882, ach tá teoiricí eile ann freisin. Bhí baint aige le Berick Traven Torsvan agus Hal Croves, beirt fhear a bhí sásta, in amanna éagsúla de shaol Traven, freastal ar a chuid gnóthaí i bhfianaise daoine eile, agus creidtear gurbh é Traven féin a bhí i gceist le Torsvan agus Croves, is é sin, nach raibh i gceist leo ach ainmneacha ceilte a ghlac Traven air féin. Is éard a d'áitigh Torsvan agus Croves, áfach, nach raibh iontu ach idirghabhálaithe a bhí ag tabhairt aire do ghnóthaí Traven. Fuair Croves bás ar an 26 Márta, 1969 i gCathair Mheicsiceo.

Infotaula de personaB. Traven

(1923) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Bruno Traven
Beathaisnéis
Breith9 Deireadh Fómhair 1882 (>23 Feabhra 1882)
Świebodzin, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1969
86 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Áit chónaitheMünchen
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Gairmfeithideolaí, scríbhneoir scripte, ceardchumannaí, úrscéalaí, scríbhneoir, Easparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1926 –  1968
Ainm cleiteRobert Bek-gran
Goetz Öhly
Fred Maruth
Robert Marut
Anton Raderscheidt
Jacob Torice
Wilhelm Scheider
B. T. Torsvan
Berick Traven Torsvan
Rex Marut
Bruno Marhut
Ret Marut
Hal Croves
Red Marut
Richard Maurhut
Fred Gaudet
Traven Torsvan
Fred Mareth
Traves Torsvan Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0871252 Allocine: 618534 Allmovie: p311324
iTunes: 469623727 Discogs: 1145050 Find a Grave: 13197929 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iad na húrscéalta is clúitiúla dár tháinig ó pheann Traven ná Der Schatz der Sierra Madre ("Stórchiste Sierra Madre") agus Das Totenschiff ("Long na Marbh"), chomh maith le "sraith Caoba", is é sin, sraith an mhahagaine: Der Karren ("An Trucail"), Regierung ("Rialtas"), Der Marsch ins Reich der Caoba ("An Mhairseáil go Ríocht an Caoba"), Die Troza ("An Troza"), Die Rebellion der Gehenkten ("Éirí Amach na gCrochairí"), agus Ein Generál kommt aus dem Dschungel ("Ginearál ag Teacht amach as an Dufair").

Scríobh Traven a chuid leabhar as Gearmáinis agus d'aistrigh sé go Béarla iad ina dhiaidh sin, agus is minic a d'athraigh sé mionrudaí nó fiú imeachtaí scéil sna haistriúcháin. D'áitíodh sé féin gur aistriúcháin a bhí sna téacsanna Gearmáinise agus gurbh iad na leaganacha Béarla na bunscéalta, ach ní ghlacann na saineolaithe an ráiteas seo i ndáiríre. Bhí úrscéalta Traven lán eachtraí sceitimíniúla agus iad suite i saol corrach Mheicsiceo i ré na réabhlóide, ach san am chéanna, bhí siad ar maos le criticeoireacht Shóisialach ar an gcaipitleachas.

Léigh freisin cuir in eagar

  • TRAVEN, B: Der Schatz der Sierra Madre. Mit Materialien, zusammengestellt von Jörg Schubert. Ernst Klett Verlag, Stuttgart/Düsseldorf/Leipzig 2007. ISBN 3-12-260880-4
  • TRAVEN, B: Das Totenschiff. Diogenes Taschenbuch und Büchergilde Gutenberg, Frankfurt am Main 1983. ISBN 978-3-257-21098-9