Baictéir Ghram-dhiúltacha

Is éard is baictéir Ghram-dhiúltacha ann ná grúpa baictéir nach bhfuil in ann an ruaim criostal vialait  a choinneáil, a úsáidtear san modh 'gram-ruaimniú' chun baictéir a idirdhealú.[1] Is iad na clúdaigh chill a shainaithnítear iad, atá chomhartha de chillbhalla tanaí peiptídigliocáin fáiscthe idir chillscannán cíteaplasmach inmheánach agus chillscannán baictéarach seachtrach.

Íomhá micreascópach den bhaictéir gram-dhiúltach ''Pseudomonas aeruginosa'' (slata  bándearga-dearg)

Dearadh roinnt ranganna antaibheathaigh chun díriú ar na baictéir gram-diúltacha go sonrach, lena n-áirítear aminoglycosides agus carbapenems.Bí baictéir gram-dhiúltacha le fáil i ngach áit, i mbeagnach gach timpeallacht ar an domhan a thacaíonn leis an saol. Áirítear leis na baictéir gram-dhiúltacha an samhailorgánach Escherichia coli, chomh maith le go leor baictéir pataigineacha, mar shampla Pseudomonas aeruginosa,Neisseria gonorrhoeae,Chlamydia trachomatis, agus Yersinia pestis. Is dúshlán míochaine tábhachtach iad, mar a chosnaíonn a scannán seachtrach iad ó go leor antaibheathaigh (lena n-áirítear peinicillin); glantaigh a dhéanfadh de ghnáth damáiste do peiptídigliocáin den chillscannán (inmheánach); agus lísisím, einsím fhrithmhiocróbach arna dtáirgeadh ag ainmhithe atá mar chuid den chóras imdhíonachta inbheirthe. Ina theannta sin, tá duillín seachtrach an scannáin seo comhdhéanta de lipeapolaisiúicríd (LPS) chasta a bhféadfaidh a chomhpháirt 'lipid A' a bheith ina chúis le himoibriú tocsaineach, nuair a bhíonn na baictéir seo lísithe ag cealla imdhíonachta. San áireamh leis an imoibriú tocsaineach seo, féadfaidh fiabhras, ráta riospráide méadaithe, agus brú fola íseal - cúrsa a d'fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha ar a dtugtar turraing sheipteacht, a bheith ann. [2]

Dearadh roinnt ranganna antaibheathaigh chun díriú ar na baictéir gram-dhiúltacha go sonrach, lena n-áirítear aimínigliocóisídí agus carbaipeineimí.

Struchtúr an chillbhalla gram-dhiúltach

Tagairtí cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar