Is cocabhachaillín gram-dhiúltach, neamhghluaisteach, gan spóir é an baictéar Yersinia pestis (Y. pestis; Pasteurella pestis roimhe seo) a bhaineann le Yersinia pseudotuberculosis agus Yersinia enterocolitica araon. Is orgánach anaeróbach ilacmhainneach é ar féidir leis daoine a ionfhabhtú tríd an dreancaid francaigh Oirthearach (Xenopsylla cheopis).[1] Is é ba cúis leis an bplá bhúbónach, agus leis an bPlá Mhór, an phaindéim ba mharfaí sa stair taifeadta. Tá trí phríomhchineál i gceist leis an bplá: plá niúmóineach, plá sheipticéimeach, agus plá bhúbónach. Is seadán dá óstach é Yersinia pestis, an dreancaid francaigh, ar seadán francaigh é faoi seach, mar sin is hipearparaisít é Y. pestis.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoYersinia pestis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Fionnachtaí nó aireagóirAlexandre Yersin Cuir in eagar ar Wikidata
Galarplá agus Plá Justinian Cuir in eagar ar Wikidata
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamPseudomonadota
AicmeGammaproteobacteria
OrdEnterobacterales
FineYersiniaceae
GéineasYersinia
SpeiceasYersinia pestis Cuir in eagar ar Wikidata
  1. "Sherris Medical Microbiology" (2004) (4th ed.): 484–88. McGraw Hill. ISBN 978-0-8385-8529-0.