Bhuail eipidéim den phlá bhaictéarach seo cathair Surat na hIndia i 1994. B'uafásach an t-anbhá sa chathair is ar fud na hIndia gur cloíodh í tar éis do na céadta bás a fháil in imeacht míosa nó mar sin. An-tógálach, gaolmhar leis an bplá bhúbónach, an Bás Dubh a scrios an Eoraip sa 15ú céad. Galair creimirí den chuid is mó iad seo. Scaipeann an phlá bhúbónach chuig daoine trí bhíthin greamanna dreancaidí galraithe, ach is tríd an aer a scaipeann na baictéir i gcás na plá niúmóiní. Ábhar iontais ab ea an phlá seo do lucht míochaine is rialtais ar fud an Domhain. Bhí an bharúil ann leis na cianta go raibh an tseanphlá seo cloíte le fada ag uisce reatha, córais séarachais is frithbheathaigh. Ceapadh go forleathan go raibh deireadh le galair thógálacha mar fhadhb mhór sláinte poiblí, beagnach, ach ba chruthúnas eile an eipidéim seo, agus eipidéimí SEIF, fiabhras Lassa is eitinne a tharla le blianta anuas, nach fíor sin.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarPlá niúmóineach
cuir in eagar
Cineálplá, galar scamhóige agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
Comharthaícrithfhuacht Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Suíomhscamhóg dhaonna Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A20.2 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9020.4, 020.3 agus 020.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB14226 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0152937, C0152938, C0524688, C0152937, C0152938 agus C0524688 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10398 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Plá niúmóineach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 522.