Baile Binnbérlach mac Buain
I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Baile Binnbhéarlach mac Buain (Sean-Ghaeilge Baile Binnbérlach mac Buain, freisin Scéal Bhaile Bhinnbhéarlaigh). Is amhlaidh gur scríobhadh é san aonú haois déag. Caomhnaítear éis dtrí lámhscríbhinn den 16ú haois.
Achoimre cuir in eagar
Níor chás laoch an scéil Baile na Uladh agus a chianghrá Ailinn na Laighean ar a chéile riamh agus iad ina mbeatha. Nuair a d'inis do Bhaile go bréagach go raibh Ailinn marbh, chuaigh sé ó dheas ach fuair bás féin de bhrón. Chuala Ailinn faoi bhás Bhaile agus chuaigh sise ó thuaidh agus fuair sí bás freisin. Cuireadh faoi iad, scartha óna chéile sa bhás mar a bhí sa bheatha.
D'fhás crann as gach uaigh, crann iúir leis agus crann úill léi. Thóg barra na gcrann riocht aghaidhe na marbh ina luí fúthu. Seacht mbliana ina dhiaidh, leagadh na crainn agus rinneadh cláir den adhmad. Ar na cláir úd, bhí sé de nós ag filí an dá chúige a gcuid dánta a scríobh.
Gaireadh ag Teamhraigh tráth féile mhór filí na nUladh agus na Laighean agus tugadh na cláir don rí. Le chéile anois, ní dhearnadh iad a dheighilt choíche.
Sanasaíocht cuir in eagar
De ghnáth, ciallaíonn baile nó buile fís nó mire; nó b'fhéidir fosta teach. Sa chás seo, áfach, is léir gur chéadainm atá i gceist.
Tionchar cuir in eagar
Chóirigh William Butler Yeats (1865–1939) an scéal seo ina dhán Baile and Ailinn.
Foinsí cuir in eagar
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Baile Binnbérlach mac Búain ar CODECS
- Baile Binnbérlach mac Buain ar Irish Sagas Online
- Baile Binnbérlach in James MacKillop: A dictionary of Celtic mythology, Oxford University Press, 2004