Flaith
I stair na nGael, tugadh go ginearálta an teideal flaith,[1] ar ball éigin de theaghlach cumhachtach a raibh ardcheannas aige nó aici. Níor cuireadh an focal i leith chéime áirithe amhail is Rí, agus d'fhorbair an téarma le míniú d'aon uaslathaí oidhreachta ar bith a bhí faoi cheannas an rí.
Séard a bhíodh i gceist le flaith ná deartháir, nia nó gaol eile an rí; taoiseach clainne sóisearaí den mhuintir ríogacht; nó ball de theaghlach mhór eile i seirbhís éigin an rí.
De réir a chéile, tógadh an focal mar chuid d'ainmneacha pearsanta agus sloinne, mar shampla an rítheaghlach Uí Fhlaithbheartaigh. Cuireadh é leis an bhfocal rí chun Flaithrí a chruthú, mar shampla Flaithrí mac Domnaill, rí Chonnacht.
Deirtear banfhlaith chun bheith cruinn gur bean atá i gceist, ach tuigtear gur baineann iad na hainmneacha pearsanta amhail is Gormflaith agus Órflaith, gan an réamhmhír bhaininscneach.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Wiktionary: Flaith, ón bPrótai-Cheiltis *wlati- (“flaitheas, ceannas”)
- The Brehon Laws: The Flaiths, dréacht le Laurence Ginnell ar an teideal nó aicme mar a tuigeadh é níos deireanaí
- Grades and Groups of Society, le Patrick Weston Joyce