Bechbretha
Leabhar dlí meánaoiseach as Sean-Ghaeilge a bhaineann le beachaireacht is ea Beachbhreith (Bechbretha).
Is téacs ársa é a scríobhadh is dócha timpeall na 8ú haoise. Caomhnaítear an leagan is sine (agus an t-aon téacs iomlán) i lámhscríbhinn H.2.15A, i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an lámhscríbhinn dlí Éireannach is sine atá ar marthain.
Is an-mhionsonraithe iad na rialacha luaite ann maidir le beacha agus léirítear dá bharr an tábhacht a bhaineadh le mil, lena dhéanadh deoch mheisciúil, i measc nithe eile, i sochaí na hÉireann.
Tá téacsanna den chineál céanna le fáil i leabhair dlí na Breataine Bige, ach níl siad chomh mionsonraithe.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- T. Charles-Edwards & F. Kelly (eag.), Bechbretha: An Old Irish Tract on Beekeeping (Baile Átha Cliath, 1983)