Biosmat
Is dúil cheimiceach é an biosmat. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 208.98038 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 83, agus is í an tsiombail adamhach a sheasann dó ná Bi.
Biosmat | |
Siombail Cheimiceach | Bi |
Uimhir Adamhach | 83 |
Meáchan Adamhach | 208.98040(1) g·mol-1 |
Grúpa, Peiriad | 15, 6, p |
Dlús | 9.78 g·cm-3 |
Sraith Cheimiceach | Miotail iarthrasdultacha |
![]() |
Miotal trom sobhriste é an biosmat agus blas beag pinc ar an loinnir gheal atá ann. Ó thaobh na ceimice de, tá sé cosúil leis an arsanaic agus leis an antamón, agus is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +3. Úsáidtear an biosmat i dtáirgí cosmaideacha agus sa leigheaseolaíocht, go háirithe le húsáid na luaidhe a sheachaint. Tá comhdhúile áirithe de chuid an bhiosmait nimhiúil go leor, ach tríd is tríd, ní bhíonn an biosmat leath chomh nimhiúil leis an luaidhe.
Dúil radaighníomhach é an biosmat. Ar feadh i bhfad, shíltí go raibh iseatóp nádúrtha an bhiosmait, 209Bi, ar an núiclíd chobhsaí ba troime a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh an t-iseatóp sin féin a bheith radaighníomhach ar chúiseanna teoiriciúla. Sa bhliain 2003, fuair na heolaithe in Orsay san Fhrainc amach gur núiclíd radaighníomhach a bhí ann dáiríribh, agus an t-alfa-mheath ag teacht air. Ina dhiaidh sin féin, tá leibhéal na radaighníomhaíochta sin chomh híseal, agus leathré an iseatóip chomh fada, is gur féidir dearmad a dhéanamh di sa ghnáthshaol. Le fírinne, tá leathré an bhiosmait billiún oiread níos faide ná aois na hollchruinne féin.
Nuair a thiocfaidh biosmat gásaithe i dteagmháil le hocsaigin an aeir, ocsaídeofar go trí-ocsaíd dé-bhiosmait Bi2O3. Ocsaíd aigéadach atá inti agus í ag cruthú salann in éineacht le hiain na miotal. Tá dhá chineál ocsainian ag an ocsaíd seo, mar atá, BiO2- agus BiO33-. Le fírinne, tá sé de chlaonadh sa dá chineál ainian polaiméirí a chruthú. Mar shampla, tá ainian ciúbach ochtaiméireach, Bi8O2424- i gcomhdhúil an bhiosmait, an litiam agus na hocsaigine Li3BiO3.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |