Black Panther (scannán)
Is scannán oll-laochra Meiriceánach ón mbliain 2018 é Black Panther atá bunaithe ar an gcarachtar de chuid Marvel Comics den ainm chéanna. Marvel Studios a léirigh an scannán agus Walt Disney Studios Motion Pictures a dháiligh é. Is é an 18ú scannán insan tsraith úd Marvel Cinematic Universe (MCU). Ba é Ryan Coogler an stiúrthóir, agus eisean a scríobh script an scannáin, in éineacht le Joe Robert Cole. Is iad na príomhaisteoirí sa scannán ná Chadwick Boseman mar T'Challa/Black Panther, Michael B. Jordan, Lupita Nyong'o, Danai Gurira, Martin Freeman, Daniel Kaluuya, Letitia Wright, Winston Duke, Angela Bassett, Forest Whitaker, agus Andy Serkis. In Black Panther, filleann T'Challa go dtí Wakanda, a thír dhúchais, mar rí, ach tagann dúshlán dá údarás sa bhealach air ó shean-namhaid. Tá torthaí na coimhlinte sin le feiceáil go domhanda.
Black Panther | |
---|---|
![]() | |
Stiúrthóir | Ryan Coogler |
Léiritheoir | Fred Beiger Jordan Horowitz Gary Gilbert Marc platt |
Scríbhneoir | Ryan Coogler Joe Robert Cole |
Aisteoirí | Chadwick Boseman Michael B. Jordan Lupita Nyong'o Danai Gurira Martin Freeman Daniel Kaluuya Letitia Wright Winston Duke Angela Bassett Forest Whitaker Andy Serkis |
Ceol le | Ludwig Göransson |
Cineamatagrafaíocht | Rachel Morrison |
Eagarthóir | Claudia Castello Michael P. Shawver |
Dáileadh ag | Walt Disney Studios Motion Pictures |
Eisiúint | Feabhra 2018 |
Tír | Na Stáit Aontaithe |
Teanga | Béarla |
Buiséad | $200 milliún |
Ioncaim | $1,346,913,161 |