Blazin' in Beauly
Is feis agus scoil fhidléireachta é Blazin' in Beauly, a bhíonn ar siúl sa Mhanachainn gach bliain ó bhunaigh an grúpa ceoil Blazin' Fiddles é i 2001. Ar feadh seachtaine, tá ranganna fidléireachta ar fáil ag cúig nó sé leibhéal éagsúil, ceolchoirmeacha, agus seisiúin cheoil san óstán Caledonian agus san óstán Lovat Arms. Tionóltar i lár Dheireadh Fómhair é gach bliain, de ghnáth nuair a bhíonn na scoileanna ar saoire in Albain agus nuair a bhíonn an Mód Náisiúnta ar siúl freisin.
Cineál | féile cheoil |
---|---|
Bailíocht | 2001 - |
Suíomh | A' Mhanachainn, Scotland |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Suíomh gréasáin | blazininbeauly.com… |
Nasc seachtrach
cuir in eagarBlazin' in Beauly (suíomh oifigiúil)